← Ireland

Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021

I mbeagán focal

Is éard atá sa dlí seo ná an tAcht Airgeadais (Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus Ciste Réitigh Aonair) 2021. Déanann sé téarmaí comhaontuithe áirithe a leasú agus a cheadú a bhaineann leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus leis an gCiste Réitigh Aonair.

Cad a rialaíonn sé

Cé a mbaineann sé leis

Príomhphointí

📄 Legal text
Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021 Skip to content Disclaimer Feedback Helpdesk Gaeilge Léim go dtí an t-ábhar Séanadh Aiseolas Deasc chabhrach English Gaeilge English Produced by the Office of the Attorney General Táirgthe ag Oifig an Ard-Aighne Home Legislation Acts of the Oireachtas Statutory Instruments Pre-1922 Legislation Constitution External Resources Bills (Houses of the Oireachtas) Iris Oifigiúil / Official Gazette Revised Acts (LRC) Classified List of Legislation (LRC) Translations (acts.ie) Translations (Houses of the Oireachtas) Government Publications for Sale EU Law (EUR-Lex) FAQ Disclaimer Feedback Helpdesk Search Baile Reachtaíocht Achtanna an Oireachtais Ionstraimí Reachtúla Reachtaíocht Réamh-1922 Bunreacht Acmhainní Seachtracha Billí (Tithe an Oireachtais) Iris Oifigiúil Achtanna Athbhreithnithe (CAD) (An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí) Liosta Rangaithe Reachtaíochta Aistriúcháin (achtanna.ie) Aistriúcháin (Tithe an Oireachtais) Foilseacháin Rialtais ar Díol Dlí AE (EUR-Lex) CCanna (Ceisteanna Coitianta) Séanadh Aiseolas Deasc chabhrach Cuardach TitleTeideal Year(s) or rangeBliain nó blianta nó raon TypeCineál All Legislation Acts Statutory Instruments Advanced SearchCuardach Casta HomeBaile ActsAchtanna 2021 Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021 Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021 Permanent Page URL View by SectionAmharc de réir Ailt View Full ActAmharc ar an Acht Iomlán Bill History Stair Bille Commencement, Amendments, SIs made under the Act Tosach Feidhme, Leasuithe, IRí arna ndéanamh faoin Acht Open PDFOscail PDF Print Full ActPriontáil an tAcht Iomlán Number 38 of 2021 FINANCE (EUROPEAN STABILITY MECHANISM AND SINGLE RESOLUTION FUND) ACT 2021 CONTENTS Section 1. Definitions 2. Approval of terms of Amending Agreement 3. Amendment of Act of 2012 4. Amendment of Act of 2014 5. Approval of terms of Intergovernmental Agreement 6. Amendment of Act of 2015 7. Expenses 8. Short title, commencement, collective citation and construction SCHEDULE 1 PART 1 Text of Amending Agreement in the Irish Language PART 2 Text of Amending Agreement in the English Language SCHEDULE 2 PART 1 Text of ESM Treaty in the Irish Language PART 2 Text of ESM Treaty in the English Language SCHEDULE 3 PART 1 Text of Intergovernmental Agreement in the Irish Language PART 2 Text of Intergovernmental Agreement in the English Language Acts Referred to European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014 (No. 32) European Stability Mechanism Act 2012 (No. 20) European Stability Mechanism Acts 2012 and 2014 Finance (Miscellaneous Provisions) Act 2015 (No. 37) Number 38 of 2021 FINANCE (EUROPEAN STABILITY MECHANISM AND SINGLE RESOLUTION FUND) ACT 2021 An Act to provide for the approval of the terms of the Agreement amending the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021 between the Euro Area Member States of the European Union; to provide for the approval of the terms of the Agreement amending the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021; to amend the European Stability Mechanism Act 2012 , the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014 and the Finance (Miscellaneous Provisions) Act 2015 ; and to provide for related matters. [9th December, 2021] Be it enacted by the Oireachtas as follows: Definitions 1. In this Act— “Act of 2012” means the European Stability Mechanism Act 2012 ; “Act of 2014” means the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014 ; “Act of 2015” means the Finance (Miscellaneous Provisions) Act 2015 ; “Amending Agreement” means the Agreement amending the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021 between the Euro Area Member States of the European Union, the text of which is, for ease of reference, set out in— (a) Part 1 of Schedule 1 in the Irish language, and (b) Part 2 of Schedule 1 in the English language; “ESM Treaty” means the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 2 February 2012 between the Euro Area Member States of the European Union as adapted in consequence of the accession of the Republic of Latvia to it on 13 March 2014 and as further adapted in consequence of the accession of the Republic of Lithuania to it on 3 February 2015, the text of which (including the Annexes) is, for ease of reference, set out in— (a) Part 1 of Schedule 2 in the Irish language, and (b) Part 2 of Schedule 2 in the English language; “Intergovernmental Agreement” means the Agreement amending the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021, the text of which is, for ease of reference, set out in— (a) Part 1 of Schedule 3 in the Irish language, and (b) Part 2 of Schedule 3 in the English language; “Minister” means the Minister for Finance. Approval of terms of Amending Agreement 2. The terms of the Amending Agreement are hereby approved. Amendment of Act of 2012 3. The Act of 2012 is amended— (a) in section 1, by the substitution of the following definition for the definition of “Treaty”: “ ‘Treaty’ means the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 2 February 2012 between the Euro Area Member States of the European Union as adapted in consequence of the accession of the Republic of Latvia to it on 13 March 2014 and as further adapted in consequence of the accession of the Republic of Lithuania to it on 3 February 2015, as amended by the Agreement amending the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021 between the Euro Area Member States of the European Union.”, and (b) in section 3, by the substitution of “€11,119,500,000” for “€11,145,400,000”. Amendment of Act of 2014 4. Section 1(1) of the Act of 2014 is amended by the substitution of the following definition for the definition of “Treaty”: “‘Treaty’ has the meaning given to it by section 1 (amended by section 3 (a) of the Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021) of the Principal Act.”. Approval of terms of Intergovernmental Agreement 5. (1) The terms of the Intergovernmental Agreement are hereby approved. (2) The Minister shall, as soon as may be after the date from which the Intergovernmental Agreement applies in accordance with Article 5(2) of that Agreement, cause notice of the coming into operation of section 6 on that date to be published— (a) in Iris Oifigiúil, and (b) on a website maintained by or on behalf of the Minister or the Government. Amendment of Act of 2015 6. Section 3(1) of the Act of 2015 is amended by the substitution of the following definition for the definition of “Agreement”: “‘Agreement’ means the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 21 May 2014 as amended by the Agreement amending the Agreement on the Transfer and Mutualisation of Contributions to the Single Resolution Fund done at Brussels on 27 January 2021 and on 8 February 2021;”. Expenses 7. Any expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall be paid out of moneys provided by the Oireachtas. Short title, commencement, collective citation and construction 8. (1) This Act may be cited as the Finance (European Stability Mechanism and Single Resolution Fund) Act 2021. (2) Section 6 shall come into operation on the date from which the Intergovernmental Agreement applies in accordance with Article 5(2) of that Agreement. (3) The European Stability Mechanism Acts 2012 and 2014 and sections 2 , 3 and 4 may be cited together as the European Stability Mechanism Acts 2012 to 2021 and shall be read together as one. SCHEDULE 1 PART 1 Text of Amending Agreement in the Irish Language COMHAONTÚ LENA LEASAÍTEAR AN CONRADH LENA mBUNAÍTEAR AN SÁSRA COBHSAÍOCHTA EORPACH IDIR RÍOCHT NA BEILGE, POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, POBLACHT NA hEASTÓINE, ÉIRE, AN PHOBLACHT HEILLÉANACH, RÍOCHT NA SPÁINNE, POBLACHT NA FRAINCE, POBLACHT NA hIODÁILE, POBLACHT NA CIPIRE, POBLACHT NA LAITVIA, POBLACHT NA LIOTUÁINE, ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG, POBLACHT MHÁLTA, RÍOCHT NA hÍSILTÍRE, POBLACHT NA hOSTAIRE, POBLACHT NA PORTAINGÉILE, POBLACHT NA SLÓIVÉINE, POBLACHT NA SLÓVAICE AGUS POBLACHT NA FIONLAINNE BROLLACH TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA, Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Poblacht na Fionlainne (“Ballstáit an limistéir euro” nó na “Sínitheoirí”); AG AITHINT DÓIBH an comhaontú chun cistiú a shlógadh agus maoiniú a chur ar fáil faoin gcúlstop chun críocha úsáid an Chiste Réitigh Aonair (“CRA”), atá faoi úinéireacht an Bhoird Réitigh Aonair (“BRA”) a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/20101 ; AG AITHINT DÓIBH phríomhról an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (“SCE”) sa bhainistiú géarchéime, ról a fheidhmíonn sé trí thacaíocht chobhsaíochta a chur ar fáil go tráthúil agus go héifeachtach do Bhallstáit an limistéir euro; TAR ÉIS DÓIBH TEACHT AR CHOMHAONTÚ maidir le pacáiste cuimsitheach chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú tuilleadh; AGUS É MAR AIDHM ACU an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a fhorbairt tuilleadh chun athléimneacht agus acmhainní réitigh géarchéime an limistéir euro a neartú, agus leanúint de dhlí an Aontais Eorpaigh a lánurramú lena linn sin; AG CUIMHNEAMH DÓIBH gur dhearbhaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, go gcuirfeadh SCE an cúlstop coiteann ar fáil do CRA agus go neartófaí é ar bhonn na n-eilimintí a leagtar amach i litir Uachtarán an Ghrúpa Euro dar dáta an 25 Meitheamh 2018; AG CUIMHNEAMH DÓIBH FREISIN gur fhormhuinigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, le téarmaí tagartha an chúlstop choitinn sin maille le bileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, agus gur thug Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, ag Cruinniú Mullaigh Euro an 21 Meitheamh 2019 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, dá n-aire an comhaontú leathan ar thángthas air maidir le leasú an Chonartha lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, TAR ÉIS COMHAONTÚ mar a leanas: AIRTEAGAL 1 Leasuithe ar an gConradh lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach Leasaítear an Conradh lena mBunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach mar a leanas: A. Leasaítear an brollach mar a leanas: (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (4): “(4) Is é an chéad bheart cosanta ba cheart a bheith ann fós i gcoinne géarchéimeanna muiníne a dhéanfadh difear do chobhsaíocht an limistéir euro, urramú docht chreat dlí an Aontais Eorpaigh, urramú docht an chreata chomhtháite um fhaireachas buiséadach agus maicreacnamaíoch, go háirithe an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, urramú docht an chreata um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus na rialacha maidir le rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.”. (2) Cuirtear isteach na haithrisí seo a leanas: “(5a) Ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, dhearbhaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu go soláthródh SCE an cúlstop coiteann don Chiste Réitigh Aonair (‘CRA’) agus go neartófaí é ar bhonn na n-eilimintí a leagtar amach i litir Uachtarán an Ghrúpa Euro dar dáta an 25 Meitheamh 2018. Ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach, d’fhormhuinigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu le téarmaí tagartha an chúlstop choitinn sin atá le cur ar fáil ag SCE, maille le bileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE. Foráiltear, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, go mbunófar an cúlstop coiteann i gcomhair CRA faoi dheireadh na hidirthréimhse, ar a dhéanaí. Foráiltear freisin, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, go méadófar éifeachtacht na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais réamhchúraim i gcomhair Comhaltaí de SCE a bhfuil bunstaid a ngeilleagair ar fónamh, a bhféadfadh turraing dhíobhálach a bheadh thar a smacht difear a dhéanamh dóibh. I gcomhréir leis an gcomhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí idir an Coimisiún Eorpach agus SCE, atá mar iarscríbhinn a ghabhann leis an mbileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE maidir leis an measúnú incháilitheachta faoin líne chreidmheasa réamhchúraim, ag brath ar raon beacht na gcritéar incháilitheachta, gabhfaidh an Coimisiún Eorpach agus SCE orthu a róil féin faoi seach i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, leis an gConradh seo agus le treoirlínte SCE. Foráiltear freisin, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, go gcuirfear corrlach breise i bhfeidhm i gcás nach ndéanfadh Comhalta de SCE, ar deonaíodh cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE dó, an choinníollacht a ghabhann leis an gcúnamh sin a chomhlíonadh tar éis dó cistí a tharraingt, ach amháin i gcás inarb é is cúis leis an neamh-chomhlíonadh sin imthosca a bhí thar smacht an rialtais. Thairis sin, sa bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, daingnítear go bhfuil an choinníollacht fós ina prionsabal bunúsach de chuid an Chonartha seo agus de chuid ionstraimí uile SCE, ach go gcaithfear na téarmaí beachta a chur in oiriúint do gach ionstraim ar leith. (5b) Sa chomhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí idir SCE agus an Coimisiún Eorpach, leagtar amach an comhaontú maidir le módúlachtaí nua an chomhair laistigh de chláir chúnaimh airgeadais agus lasmuigh díobh. Tá cuspóirí comhchoiteanna ag an gCoimisiún Eorpach agus ag SCE agus feidhmeoidh siad cúraimí sonracha a bhaineann leis an mbainistiú géarchéime ar son an limistéir euro ar bhonn dhlí an Aontais Eorpaigh agus an Chonartha seo. Dá bhrí sin, oibreoidh an dá institiúid go dlúth le chéile ar bhearta bainistithe géarchéime SCE lena ngabhfaidh rialachas éifeachtúil a shaothróidh an chobhsaíocht airgeadais trí shaineolas a chéile a chomhlánú. Áirithíonn an Coimisiún Eorpach an chomhsheasmhacht le dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe leis an gcreat um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. Déanann SCE a chuid anailíse agus measúnaithe trí pheirspictíocht iasachtóra. Déanfar an comhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí a ionchorprú go hiomlán i meabhrán comhair, mar a leagtar amach in Airteagal 13(8), nuair a thiocfaidh na leasuithe ar an gConradh seo i bhfeidhm.”. (3) In aithris (7), cuirtear an abairt seo a leanas léi: “Tugann Comhaltaí SCE aitheantas don idirphlé atá ar siúl idir an Stiúrthóir Bainistíochta agus Parlaimint na hEorpa.”. (4) In aithris (8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt: “Maidir le haon Bhallstát den limistéar euro a iarrfaidh cúnamh airgeadais ar SCE, beifear ag súil go ndéanfaidh sé, i ngach cás inarb iomchuí, iarraidh chomhchosúil a dhíriú chuig CAI.”. (5) Cuirtear isteach an aithris seo a leanas: “(9a) Ballstáit den Aontas Eorpach nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus a bhfuil dlúthchomhar bunaithe acu leis an mBanc Ceannais Eorpach (‘BCE’) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa2 , beifear ag súil go gcuirfidh siad línte creidmheasa comhthreomhara ar fáil, i gcomhar le SCE, i gcomhair CRA. Beidh na Ballstáit sin rannpháirteach, ar théarmaí coibhéiseacha, sa chúlstop coiteann (‘Ballstáit Rannpháirteacha’). Ba cheart a iarraidh ar ionadaithe na mBallstát Rannpháirteach freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe den Bhord Rialtóirí agus den Bhord Stiúrthóirí ina bpléifear ábhair a bhaineann leis an gcúlstop coiteann agus ba cheart an rochtain ar fhaisnéis a bheidh acu sin agus ag ionadaithe eile a bheith comhionann. Ba cheart socruithe iomchuí a chur ar bun i gcomhair comhroinnt faisnéise agus comhordú tráthúil idir SCE agus na Ballstáit Rannpháirteacha. Ba cheart é a bheith indéanta a iarraidh ar ionadaithe de chuid an Bhoird Réitigh Aonair (‘BRA’) freastal, i gcáil breathnóirí, ar bhonn ad hoc, ar chruinnithe den Bhord Rialtóirí agus den Bhord Stiúrthóirí ina bpléifear an maoiniú faoin gcúlstop.”. (6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (10): “(10) An 20 Meitheamh 2011, thug ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh údarú do na Páirtithe Conarthacha sa Chonradh seo a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar BCE na cúraimí dá bhforáiltear sa Chonradh seo a chomhlíonadh. Admhaítear nach bhfuil san áireamh, sna dualgais a thugtar don Choimisiún Eorpach agus do BCE leis an gConradh seo, aon chumhachtaí chun cinntí dá gcuid féin a dhéanamh agus gur ar SCE agus air sin amháin a chuirfear ceangal leis na cúraimí a fhorghníomhú an dá institiúid sin ar bhonn an Chonartha seo.”. (7) In aithris (11), cuirtear na habairtí seo a leanas léi: “Tar éis thabhairt isteach na CCGanna sin amhail ón 1 Eanáir 2013, tá Comhaltaí SCE tiomanta do CCGanna a thabhairt isteach lena ndéanfar foráil le haghaidh vótáil chomhiomlán uile-shraitheach (‘CCGanna uile-shraitheachta’) faoi 2022. Déanfar na módúlachtaí dlí mionsonraithe a chomhaontú laistigh den Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, agus lena linn sin tabharfar ceanglais bhunreachtúla náisiúnta san áireamh, chun go gcuirfidh Comhaltaí uile SCE na CCGanna uile-shraitheachta chun feidhme i leith urrúis rialtais nua sa limistéar euro ar dhóigh a áiritheoidh gur comhionann a bheidh toradh dlí na CCGanna sin.”. (8) Cuirtear isteach na haithrisí seo a leanas: “(11a) Arna iarraidh sin do Chomhalta de SCE agus i gcás inarb iomchuí, féadfaidh SCE idirphlé a éascú idir an Comhalta sin de SCE agus a infheisteoirí príobháideacha ar bhonn deonach neamhfhoirmiúil neamhcheangailteach sealadach rúnda. (11b) Is do Chomhaltaí de SCE a meastar go bhfuil a bhfiachas inbhuanaithe agus a ndeimhnítear gurb acmhainn dóibh an aisíocaíocht le SCE, agus dóibhsean amháin, ba cheart do SCE tacaíocht chobhsaíochta a dheonú. Is ar bhonn trédhearcach sothuartha a dhéanfar measúnú ar inbhuanaitheacht fiachais agus ar acmhainn aisíocaíochta, cé gurb amhlaidh, lena linn sin, go mbeidh fairsinge go leor ann le haghaidh an dea-bhreithiúnais. Is iad a dhéanfaidh na measúnaithe sin an Coimisiún Eorpach i gcuibhreann le BCE, agus SCE agus i ngach cás inarb iomchuí agus indéanta in éineacht le CAI i gcomhréir leis an gConradh seo, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an meabhrán comhair arna dhéanamh de bhun Airteagal 13(8). I gcás nach n-eascraíonn dearcadh comhchoiteann as an gcomhoibriú, déanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú foriomlán ar inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí, agus déanfaidh SCE measúnú ar acmhainn an Chomhalta de SCE lena mbaineann aisíocaíocht a dhéanamh le SCE.”. (9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris (12): “(12) I gcásanna eisceachtúla, déanfar foirm rannpháirtíochta ag an earnáil phríobháideach, ar foirm iomchuí chomhréireach í atá i gcomhréir le cleachtas CAI, a bhreithniú i gcásanna ina ndeonaítear tacaíocht chobhsaíochta agus coinníollacht ag gabháil léi i bhfoirm clár coigeartuithe maicreacnamaíocha.”. (10) In aithris (13), cuirtear an abairt seo a leanas léi: “Beidh stádas mar chreidiúnaí tosaíochta ag iasachtaí cúlstop a thabharfaidh SCE do BRA, ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach ina bhfuil an stádas sin ag iasachtaí eile a thugann SCE.”. (11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 14: “(14) Tacóidh Ballstáit an limistéir euro le deonú stádais choibhéisigh mar chreidiúnaí do SCE agus do Stáit eile a thabharfaidh iasachtaí déthaobhacha i gcomhar le SCE, agus áireofar air sin é sin a dhéanamh i ndáil le hiasachtaí cúlstop do BRA.”. (12) Cuirtear isteach na haithrisí seo a leanas: “(15a) Leagtar amach le hAirteagal 2(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) go ndéanfaidh Ballstáit an Aontais Eorpaigh comhordú ar a mbeartais eacnamaíocha laistigh de shocruithe dá bhforáiltear in CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 5(1) CFAE agus le hAirteagal 121 CFAE, tá Ballstáit an Aontais Eorpaigh chun comhordú a dhéanamh, laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ar a gcuid beartas eacnamaíoch. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag SCE chun críoch comhordaithe beartas eacnamaíoch i measc Comhaltaí de SCE, óir déantar foráil le dlí an Aontais Eorpaigh maidir leis na socruithe is gá chuige sin. Urramaíonn SCE na cumhachtaí a thugtar, le dlí an Aontais Eorpaigh, d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais. (15b) Aithníonn Comhaltaí SCE go bhfuil cinnteoireacht thapa, éifeachtúil faoi shaoráid an chúlstop agus comhordú leis na Ballstáit Rannpháirteacha a ghlacfaidh páirt, i gcomhar le SCE, i maoiniú faoin gcúlstop i gcomhair CRA thar a bheith tábhachtach chun éifeachtacht an chúlstop choitinn agus na réiteach a mhaoinítear leis a áirithiú, de réir mar a léirítear i dtéarmaí tagartha an chúlstop choitinn a d’fhormhuinigh Ceannairí Stáit agus Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu leis ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 a tionóladh i bhformáid chuimsitheach. Foráiltear, sna téarmaí tagartha, go n‑áireoidh critéir i leith eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop inter alia prionsabal na rogha deiridh agus prionsabal na neodrachta buiséadaí ar feadh an mheántéarma, lán-chomhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/20103 (‘SRMR’) agus Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/20124 (‘TTRB’), agus bhuaine an chreata dlí. Foráiltear, sna téarmaí tagartha, go ndéanfaidh SCE cinneadh maidir le húsáid an chúlstop, de ghnáth, laistigh de 12 uair an chloig ón tráth a bhfaighidh BRA an iarraidh, agus beidh an tréimhse sin infhadaithe ag an Stiúrthóir Bainistíochta go dtí 24 uair an chloig i gcásanna eisceachtúla, go háirithe i gcás oibríocht réitigh thar a bheith casta, agus ceanglais bhunreachtúla náisiúnta á n-urramú lena linn sin.”. (13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 16: “(16) Aithnítear leis an gConradh seo neamhspleáchas Stiúrthóir Bainistíochta agus fhoireann SCE. Ba cheart é a fheidhmiú ar dhóigh, i gcás inarb ábhartha agus mar a fhoráiltear sa Chonradh seo, a gcaomhnóidh an chomhréireacht le dlí an Aontais Eorpaigh, arb é an Coimisiún Eorpach a dhéanann maoirseacht ar a chur i bhfeidhm.”. (14) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 17: “(17) Ba cheart díospóidí a eascróidh idir na Páirtithe Conarthacha nó idir na Páirtithe Conarthacha agus SCE maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chonartha seo a chur faoi bhráid dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 273 CFAE. (18) Cuirfidh SCE córais foláirimh chuí ar bun agus é mar aidhm leo a áirithiú go bhfaighidh sé, ar dhóigh thráthúil, aon aisíocaíochtaí a bheidh ag dul dó i ndáil le tacaíocht chobhsaíochta nó i ndáil leis an tsaoráid chúlstop. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, i gcuibhreann le BCE, agus Comhairle an Aontais Eorpaigh faireachas iarchláir faoi chuimsiú an chreata a leagtar síos de bhun Airteagail 121 agus 136 CFAE,”. B. Leasaítear na hAirteagail mar a leanas: (15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “AIRTEAGAL 3 Cuspóirí 1. Is é is cuspóir do SCE cistiú a shlógadh agus tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar, faoi choinníollacht dhocht, a bheidh cuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar, chun leasa Comhaltaí de SCE a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe ag bagairt orthu, má tá na nithe sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine agus a Bhallstát a choimirciú. I gcás inarb ábhartha chun é féin a ullmhú go hinmheánach agus é a bheith ar a chumas, ar dhóigh chuí thráthúil, tabhairt faoi na cúramaí a thugtar dó leis an gconradh seo, féadfaidh SCE súil a choinneáil ar staid mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a Chomhaltaí, agus measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear inbhuanaitheacht a bhfiachais phoiblí, agus féadfaidh sé anailís a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar shonraí ábhartha. Chun na críche sin, oibreoidh an Stiúrthóir Bainistíochta i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le BCE chun a áirithiú go mbeidh lán-chomhsheasmhacht ann leis an gcreat um chomhordú an bheartais eacnamaíoch dá bhforáiltear in CFAE. 2. Féadfaidh SCE an tsaoráid chúlstop a sholáthair do BRA i gcomhair CRA chun tacú le cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh agus le feidhmiú chumhachtaí réitigh BRA mar a chumhdaítear i ndlí an Aontais Eorpaigh. 3. Chun na gcríoch sin, beidh SCE i dteideal cistí a thiomsú trí ionstraimí airgeadais a eisiúint nó trí theacht ar chomhaontuithe nó ar shocruithe airgeadais, nó ar chomhaontuithe nó ar shocruithe eile, le Comhaltaí de SCE, le hinstitiúidí airgeadais nó le tríú páirtithe eile. 4. Gan dochar do mhír 1, an choinníollacht a chuirfear i bhfeidhm, beidh sí iomchuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar, mar a leagtar síos sa Chonradh seo.”. (16) In Airteagal 4(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: “De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, déanfar nós imeachta vótála éigeandála a úsáid i gcásanna ina dtagann an Coimisiún Eorpach agus BCE araon ar an tátal go mbeadh bagairt ann ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro má mhainnítear cinneadh a ghlacadh go práinneach chun cúnamh airgeadais, arna shainmhíniú in Airteagail 13 go 18, a dheonú nó a chur chun feidhme.”. (17) Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas: (a) i mír 4, cuirtear an abairt seo a leanas léi: “Maidir le hionadaithe Ballstát Rannpháirteach a ghlacfaidh páirt i gcomhar le SCE i maoiniú faoin gcúlstop i gcomhair CRA, iarrfar orthu sin freisin freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Rialtóirí nuair a phléifear ábhair a bhaineann leis an gcúlstop coiteann.”; (b) leasaítear mír 6 mar a leanas: (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) an cúlchiste éigeandála a chealú agus a bhfuil ann a aistriú ar ais chuig an gcúlchiste agus/nó chuig an gcaipiteal íoctha, i gcomhréir le hAirteagal 4(4), an fhionraí ar chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre d’Airteagal 18a(6) a chealú, an tromlach vótála, faoin nós imeachta éigeandála vótála, a theastaíonn chun cinneadh a ghlacadh maidir le hiasachtaí, agus na heisíocaíochtaí ina leith, faoin tsaoráid chúlstop a athrú agus na himthosca ina ndéanfar athbhreithniú amach anseo a shocrú, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 18a(6) ;”; (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f): “(f) tacaíocht chobhsaíochta ó SCE a sholáthar, lena n-áirítear an choinníollacht i dtaca le beartas eacnamaíoch arna lua sa mheabhrán tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 13(3) nó dá dtagraítear in Airteagal 14(2), agus an rogha ionstraimí agus na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a bhunú, i gcomhréir le hAirteagail 12 go 18;”; (iii) cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(fa) na critéir incháilitheachta a athrú le haghaidh an chúnaimh airgeadais réamhchúraim a leagtar amach in Iarscríbhinn III i gcomhréir le hAirteagal 14(1) ;”; (iv) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g): “(g) a chur de chúram (i) ar an Stiúrthóir Bainistíochta agus (ii) ar an gCoimisiún Eorpach i gcuibhreann le BCE, an choinníollacht i dtaca le beartas eacnamaíoch a bheidh ag gabháil le cúnamh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 13(3), a chaibidliú, le chéile;”; (v) cuirtear isteach an pointe seo a leanas: “(ga) saoráid chúlstop a dheonú, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 18a(1), na critéir i dtaca le formheas iasachtaí agus eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop a leagtar amach in Iarscríbhinn IV i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 18a(1) a athrú, aon cheann de heilimintí a leagtar amach sa tríú fomhír d’Airteagal 18a(1) a chinneadh, agus cinneadh a dhéanamh maidir le foirceannadh a dhéanamh ar an tsaoráid chúlstop sin, nó leanúint ar aghaidh léi, i gcomhréir le hAirteagail 18a(1) agus (8) ;”; (vi) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h): “(h) an beartas praghsála agus an treoirlíne praghsála le haghaidh cúnamh airgeadais nó saoráid chúlstop i gcomhair CRA a athrú, i gcomhréir le hAirteagal 20;”; (vii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j): “(j) na módúlachtaí a bhunú maidir le haistriú na tacaíochta ó SaorCAE go dtí SCE, lena n-áirítear tráinse breise caipitil údaraithe a chruthú, i gcomhréir le hAirteagal 40;”. (18) Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas: (a) i mír 3, cuirtear an abairt seo a leanas léi: “Maidir le hionadaithe Ballstát Rannpháirteach a ghlacfaidh páirt i gcomhar le SCE i maoiniú faoin gcúlstop i gcomhair CRA, iarrfar orthu sin freisin freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí nuair a phléifear saincheisteanna a bhaineann leis an gcúlstop.”; (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “(4) Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a iarraidh ar dhaoine eile, lena n-áirítear ionadaithe de chuid institiúidí nó eagraíochtaí, freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe ar bhonn ad hoc.”. (19) In Airteagal 7(4), cuirtear an abairt seo a leanas leis: “Ní bheidh Stiúrthóir Bainistíochta ná foireann SCE freagrach ach do SCE amháin agus beidh siad neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a ndualgas.”. (20) Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas: (a) cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “1a. Féadfaidh SCE an tsaoráid chúlstop a sholáthar do CRA, gan dochar do dhlí an Aontais Eorpaigh ná d’inniúlachtaí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Ní dheonófar iasachtaí faoin tsaoráid chúlstop ach amháin mar rogha dheiridh agus ní dheonófar iad ach a mhéid a bheidh neodracht bhuiséadach ar feadh an mheántéarma ag baint leis sin.”; (b) i mír 3, cuirtear an abairt seo a leanas léi: “Beidh feidhm ag vótáil chomhiomlán uile-shraitheach i leith na n-urrús rialtais nua uile sa limistéar euro, lena ngabhfaidh aibíocht níos faide ná bliain amháin, a eiseofar an 1 Eanáir 2022 nó dá éis sin.”; (c) cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Le linn dó na cúraimí a thugtar dó sa Chonradh seo a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún Eorpach, maidir le haon oibríochtaí cúnaimh airgeadais a sholáthróidh SCE faoin gConradh seo, go mbeidh na hoibríochtaí sin, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe leis na bearta comhordaithe beartais eacnamaíoch dá bhforáiltear in CFAE.”. (21) Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas: (a) leasaítear mír 1 mar a leanas: (i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: “1. Féadfaidh Comhalta de SCE iarraidh ar thacaíocht chobhsaíochta a dhíriú chuig Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí. Léireofar san iarraidh sin an ionstraim nó na hionstraimí cúnaimh airgeadais a bheidh le breithniú. Ar iarraidh den sórt sin a fháil, cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí de, (i) ar an Stiúrthóir Bainistíochta agus (ii) ar an gCoimisiún Eorpach i gcuibhreann le BCE, na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích in éineacht le chéile:”; (ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b); “(b) measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an fiachas poiblí inbhuanaithe agus i dtaobh an féidir an tacaíocht chobhsaíochta a aisíoc. Déanfar an measúnú sin ar dhóigh thrédhearcach shothuartha, cé gurb amhlaidh, lena linn sin, go mbeidh fairsinge go leor ann le haghaidh an dea-bhreithiúnais. Aon uair is iomchuí agus is féidir, ní foláir measúnú den sórt sin a dhéanamh in éineacht le CAI;”; (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ar bhonn iarraidh an Chomhalta de SCE agus na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus mholadh an Stiúrthóra Bainistíochta a bheidh bunaithe ar na measúnuithe sin agus, i gcás inarb infheidhme, na measúnuithe dearfacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2), féadfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh a dhéanamh tacaíocht chobhsaíochta a dheonú, i bprionsabal, don Chomhalta de SCE lena mbaineann, i bhfoirm saoráid cúnaimh airgeadais.”; (c) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: “3. Má ghlactar cinneadh de bhun mhír 2 cé is moite de chinneadh i leith líne chreidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim, cuirfidh an Bord Rialtóirí de chúram (i) ar an Stiúrthóir Bainistíochta agus (ii) ar an gCoimisiún Eorpach i gcuibhreann le BCE, in éineacht le chéile agus, i ngach cás inar féidir, in éineacht le CAI, freisin an cúram dul i mbun caibidlíochta leis an gComhalta de SCE lena mbaineann maidir le meabhrán tuisceana (‘MT’) ina ndéanfar mionsonrú ar an gcoinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais. Beidh inneachar an MT ag freagairt do dhéine na laigí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus don ionstraim cúnaimh airgeadais atá roghnaithe. Ullmhóidh an Stiúrthóir Bainistíochta togra le haghaidh comhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais, lena n-áireofar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais, agus an rogha ionstraimí, a bheidh le glacadh ag an mBord Rialtóirí.”; (d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Síneoidh an Coimisiún Eorpach agus an Stiúrthóir Bainistíochta an MT thar ceann SCE, ach sin faoi réir na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a chomhlíonadh roimh ré agus faoi réir a fhormheasa ag an mBord Rialtóirí.”; (e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Beidh sé de chúram (i) ar an Stiúrthóir Bainistíochta agus (ii) ar an gCoimisiún Eorpach i gcuibhreann le BCE, in éineacht le chéile agus, i ngach cás inar féidir, in éineacht le CAI freisin, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na coinníollachta a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais.”; (f) cuirtear an mhír seo a leanas leis: “8. Faoi réir formheas an Bhoird Stiúrthóirí a bheith faighte aige roimh ré de thoil a chéile, féadfaidh SCE dul faoi chuing meabhrán comhair a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach, meabhrán tuisceana lena ndéanfar mionsonrú ar an gcomhar idir an Stiúrthóir Bainistíochta agus an Coimisiún Eorpach i ndáil le comhlíonadh na gcúraimí a leagtar orthu de bhun mhíreanna 1, 3 agus 7 den Airteagal seo, agus dá dtagraítear in Airteagal 3(1).”. (22) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14: “AIRTEAGAL 1 Cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE 1. Trí ionstraimí cúnaimh airgeadais réamhchúraim SCE, déantar tacaíocht airgeadais a sholáthar do Chomhaltaí de SCE a bhfuil bunstaid a ngeilleagair ar fónamh agus a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh de dheasca turraing dhíobhálach a bheadh thar a smacht. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais réamhchúraim a dheonú do Chomhalta de SCE, a bhfuil a fhiachas rialtais inbhuanaithe, i bhfoirm líne chreidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim nó i bhfoirm líne chreidmheasa faoi choinníollacha breisithe i gcomhréir le hAirteagal 12(1), ach sin faoi réir critéir incháilitheachta a chomhlíonadh ar critéir iad a chuirfear i bhfeidhm maidir le gach cineál cúnaimh den sórt sin mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III. Féadfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh a dhéanamh na critéir incháilitheachta le haghaidh an chúnaimh airgeadais réamhchúraim SCE a athrú agus Iarscríbhinn III a leasú dá réir sin. Tiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm tar éis do Chomhaltaí SCE fógra a thabhairt don Taiscí á rá go bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme tugtha i gcrích. 2. Cuimseoidh an choinníollacht a ghabhfaidh le líne chreidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim, urramú leanúnach na gcritéar incháilitheachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III agus tabharfaidh an Comhalta de SCE lena mbaineann gealltanas tiomantais ina leith ina iarraidh shínithe de bhun Airteagal 13(1) ar iarraidh í ina dtarraingeoidh sé aird ar an intinn atá aige faoina phríomhbheartais (‘Litir Intinne’).Tar éis dó Litir Intinne den sórt sin a fháil, cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an intinn bheartais a léirítear sa Litir Intinne i lánchomhréir leis na bearta comhordaithe beartais eacnamaíoch dá bhforáiltear in CFAE, go háirithe an bhfuil siad i lánchomhréir le haon ghníomh de chuid dhlí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear aon tuairim, aon fholáireamh, aon mholadh nó aon chinneadh a dhíreofar chuig an gComhalta de SCE lena mbaineann. De mhaolú ar Airteagal 13(3) agus (4), ní dhéanfar aon MT a chaibidliú. 3. An choinníollacht a ghabhfaidh leis an líne chreidmheasa faoi choinníollacha breisithe, déanfar mionsonrú uirthi san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) agus beidh sí comhleanúnach leis na critéir incháilitheachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III. 4. Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a bhaineann leis an gcúnamh airgeadais réamhchúraim ó SCE a shonrú i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais réamhchúraim a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta. 5. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí i dtaca le cur chun feidhme an chúnaimh airgeadais réamhchúraim ó SCE. 6. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí tuarascáil a ullmhófar i gcomhréir le hAirteagal 13(7) a bhreithniú go tráthrialta, is é sin le rá, gach sé mhí ar a laghad nó tar éis do Chomhaltaí SCE cistí a tharraingt den chéad uair (trí iasacht nó trí cheannach ar an mbunmhargadh). Maidir le líne chreidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim, fíorófar sa tuarascáil go bhfuil na critéir incháilitheachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á n-urramú go leanúnach ach, maidir le líne chreidmheasa faoi choinníollacha breisithe, fíorófar sa tuarascáil go bhfuil na coinníollacha i dtaca le beartais, a shonraítear san MT, á gcomhlíonadh. I gcás inarb é tátal na tuarascála go bhfuil an Comhalta de SCE fós ag urramú na gcritéar incháilitheachta a ghabhann leis an líne chreidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim nó ag comhlíonadh na gcoinníollachta a ghabhann leis an líne chreidmheasa faoi choinníollacha breisithe, coimeádfar an líne chreidmheasa mura rud é go n-iarrfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta nó aon Stiúrthóir eile cinneadh a dhéanamh, de thoil a chéile, i dtaobh an ceart an líne chreidmheasa a choimeád. 7. Más é tátal na tuarascála sin a ullmhaíodh de bhun mhír 6 den Airteagal seo nach bhfuil an Comhalta de SCE ag urramú a thuilleadh na gcritéar incháilitheachta a ghabhann leis an líne chreidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim nó ag comhlíonadh na coinníollachta a ghabhann leis an líne chreidmheasa faoi choinníollacha breisithe, scoirfear den rochtain ar an líne chreidmheasa, mura rud é go gcinnfidh an Bord Stiúrthóirí de thoil a chéile an líne chreidmheasa a choimeád. Más amhlaidh gur tharraing an Comhalta de SCE cistí cheana, cuirfear corrlach breise i bhfeidhm i gcomhréir leis an treoirlíne praghsála a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí de bhun Airteagal 20(2), mura rud é go measfaidh an Bord Rialtóirí, ar bhonn na tuarascála, gur de thoradh imthosca a bhí thar smacht an Chomhalta de SCE a rinneadh an neamhchomhlíonadh. Mura gcoimeádfar an líne chreidmheasa, féadfar foirm eile cúnaimh airgeadais a iarraidh agus a dheonú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoin gConradh seo.”. (23) In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar fháil togra dó ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht na dtráinsí den chúnamh airgeadais i ndiaidh an chéad tráinse.”. (24) In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar fháil togra dó ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht thráinsí an chúnaimh airgeadais i ndiaidh an chéad tráinse.”. (25) In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Tar éis dóibh togra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tuarascáil a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, i dtaobh eisíocaíocht cúnaimh airgeadais le Ballstát is tairbhí trí oibríochtaí ar an mbunmhargadh.”. (26) Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “AIRTEAGAL 18a Saoráid chúlstop 1. Ar bhonn iarrata ar shaoráid chúlstop ó BRA agus ar bhonn togra ón Stiúrthóir Bainistíochta, féadfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh a dhéanamh saoráid chúlstop a dheonú do BRA lena gcumhdófaí gach úsáid ab fhéidir a bhaint as CRA mar a chumhdaítear i ndlí an Aontais Eorpaigh, ach sin faoi réir coimircí iomchuí a bheith ann. Tá foráil in Iarscríbhinn IV maidir leis na critéir chun iasachtaí agus eisíocaíochtaí a fhormheas faoin tsaoráid chúlstop. Féadfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh a dhéanamh na critéir maidir le formheas iasachtaí agus eisíocaíochtaí a athrú, agus Iarscríbhinn IV a leasú dá réir sin. Tiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm a luaithe a bheidh fógra tugtha ag Comhaltaí SCE don Taiscí á rá go bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme tugtha i gcrích. Cinnfidh an Bord Rialtóirí príomhthéarmaí agus príomhchoinníollacha airgeadais na saoráide cúlstop, an uasteorainn ainmniúil agus aon choigeartuithe uirthi sin, forálacha maidir leis an nós imeachta maidir le fíorú chomhlíonadh an choinníll i leith bhuaine an chreata dlí um réiteach bainc agus maidir leis na hiarmhairtí a ghabhfaidh leis sin a mhéid a bhaineann leis an tsaoráid chúlstop agus lena húsáid, agus freisin na coinníollacha ar dá réir a fhéadfaidh an Bord Rialtóirí an tsaoráid chúlstop a fhoirceannadh agus na coinníollacha agus na teorainneacha ama ar dá réir a fhéadfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh a dhéanamh an tsaoráid chúlstop a choimeád ar siúl de bhun mhír 8. 2. Is i bhfoirm líne chreidmheasa imrothlach faoina bhféadfar iasachtaí a sholáthar a bheidh an tsaoráid chúlstop. 3. Sonrófar téarmaí agus coinníollacha airgeadais mionsonraithe na saoráide cúlstop i gcomhaontú um shaoráid chúlstop le BRA, a bheidh le formheas ag an mBord Rialtóirí de thoil a chéile agus le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta. 4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na modúlachtaí lena ndéanfar an tsaoráid chúlstop a chur chun feidhme, lena n‑áirítear treoirlínte maidir le nósanna imeachta lena n-áiritheofar glacadh tapa cinntí de bhun mhír 5, agus athbhreithneoidh siad na treoirlínte sin go tráthrialta. 5. Ar bhonn iarrata ar iasacht ó BRA, ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile agus, ag an am céanna, urraim á tabhairt do cheanglais rúndachta reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Bainistíochta agus ar bhonn measúnú ar acmhainn aisíocaíochta BRA agus, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn na measúnuithe ag an gCoimisiún Eorpach agus ag BCE de bhun mhír 6, déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh de thoil a chéile, agus iad arna dtreorú ag na critéir dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV, maidir le hiasachtaí agus le heisíocaíochtaí a ghabhann leo faoin tsaoráid chúlstop. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh a dhéanamh de thoil a chéile na cúraimí dá bhforáiltear sa mhír seo a tharmligean don Stiúrthóir Bainistíochta ar feadh tréimhse shonraithe agus maidir le méid sonraithe, i gcomhréir leis na rialacha a shonrófar sna treoirlínte a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí. 6. De mhaolú ar Airteagal 4(3), úsáidfear nós imeachta vótála éigeandála i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún Eorpach agus BCE ar an tátal, trí mheasúnuithe ar leithligh, go mbeadh bagairt ann d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro dá mainneodh an Bord Stiúrthóirí cinneadh cinneadh a ghlacadh go práinneach maidir le hiasachtaí agus le heisíocaíochtaí a ghabhfaidh leo faoin tsaoráid chúlstop de bhun na chéad abairte de mhír 5 den Airteagal seo. Is gá tromlach cáilithe 85% de na vótaí a caitheadh le go bhféadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh de thoil a chéile faoin nós imeachta éigeandála sin. Ní bheidh feidhm ag an mír seo más rud é go bhfuil, agus fad a bheidh, aon nósanna imeachta fós ar siúl a bhaineann le buaine an chreata dlí um réiteach bainc de bhun mhír 8 den Airteagal seo agus le forálacha gaolmhara arna nglacadh ag an mBord Rialtóirí. I gcás ina n-úsáidtear an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déantar aistriú chuig cúlchiste éigeandála chun maolán tiomanta a chruthú chun na priacail a eascraíonn as na hiasachtaí gona n-eisíocaíochtaí a fhormheastar faoin nós imeachta éigeandála sin a chumhdach. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh a dhéanamh de thoil a chéile an cúlchiste éigeandála a chealú agus a bhfuil ann a aistriú ar ais chuig an gcúlchiste agus/nó chuig an gcaipiteal íoctha. Tar éis an nós imeachta éigeandála sin a úsáid den dara huair, cuirfear cur i bhfeidhm na chéad fhomhíre ar fionraí go dtí go gcinnfidh an Bord Rialtóirí an fhionraí sin a chealú. Agus cinneadh á dhéanamh aige an fhionraí sin a chealú, athbhreithneoidh an Bord Rialtóirí an tromlach vótála a theastaíonn is gá chun cinneadh a ghlacadh faoin nós imeachta réamhluaite agus socróidh sé na himthosca ina ndéanfar athbhreithniú eile tráth éigin is faide anonn, agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh an mhír seo a leasú dá réir sin, gan an tairseach vótála a ísliú. Tiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm a luaithe a bheidh fógra tugtha ag Comhaltaí SCE don Taiscí á rá go bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme tugtha i gcrích. 7. Bunóidh SCE córas cuí foláirimh chun a áirithiú go bhfaighfear aon aisíocaíochtaí atá dlite faoin tsaoráid chúlstop ar mhodh tráthúil. 8. Maidir leis an tsaoráid chúlstop agus lena húsáid faoin Airteagal seo, beidh siad teagmhasach ar chomhlíonadh an choinníll maidir le buaine an chreata dlí um réiteach bainc. I gcás nach gcomhlíontar an coinníoll maidir le buaine an chreata dlí um réiteach bainc, tionscnófar athbhreithniú cuimsitheach agus beidh gá le cinneadh de chuid an Bhoird Rialtóirí chun an tsaoráid chúlstop a choimeád ar siúl. Déanfaidh an Bord Rialtóirí, de bhun mhír 1, forálacha breise a chinneadh maidir leis an nós imeachta i dtaca le fíorú chomhlíonadh an choinníll maidir le buaine an chreata dlí um réiteach bainc agus maidir leis na hiarmhairtí a ghabhfaidh leis sin a mhéid a bhaineann leis an tsaoráid chúlstop agus lena húsáid. 9. Chun críche mhír 8 den Airteagal seo, cuimseoidh buaine an chreata dlí um réiteach bainc an méid seo a leanas: (a) buaine, mar a shainítear in Airteagal 9(1) de Chomhaontú Idir-rialtasach an 21 Bealtaine 2014 maidir le haistriú agus frithpháirtiú ranníocaíochtaí leis an gCiste Réitigh Aonair (‘CIR’), na rialacha a shainítear in Airteagal 9(1) de CIR; agus (b) buaine na bprionsabal agus na rialacha a bhaineann leis an uirlis fortharrthála agus leis an gcreat maidir le híoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, sa Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 5 , a mhéid is ábhartha na prionsabail agus na rialacha sin i dtaca le hacmhainn airgeadais CRA a chaomhnú. 10. Agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme aige, oibreoidh SCE i ndlúthchomhar leis na Ballstáit Rannpháirteacha a ghlacfaidh páirt i gcomhar le SCE i maoiniú faoin gcúlstop i gcomhair CRA.”. (27) In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Athbhreithniú agus leasuithe ar liosta na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais”. (28) In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Le linn dó tacaíocht chobhsaíochta nó maoiniú faoin gcúlstop a dheonú i gcomhair CRA, beidh sé mar aidhm ag SCE a chostais maoinithe agus oibriúcháin a chumhdach go hiomlán agus cuirfidh sé corrlach cuí san áireamh. 2. I gcás gach ionstraime cúnaimh airgeadais agus gach maoinithe faoin gcúlstop i gcomhair CRA, déanfar an phraghsáil a mhionsonrú i dtreoirlíne praghsála, agus glacfaidh an Bord Rialtóirí an treoirlíne sin.”. (29) In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Cumhachtófar do SCE iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil ó bhainc, ó institiúidí airgeadais nó ó dhaoine nó ó institiúidí eile ar mhaithe lena chuspóirí a chomhlíonadh.”. (30) In Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Cuirfidh an Bord Rialtóirí an tuarascáil bhliantúil ar fáil do pharlaimintí náisiúnta agus institiúidí uachtaracha iniúchóireachta Chomhaltaí SCE, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do Pharlaimint na hEorpa.”. (31) In Airteagal 37, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Aon díospóid idir Comhaltaí de SCE mar gheall ar chomhlíonadh an choinníll maidir le buaine an chreata dlí um réiteach bainc a leagtar síos in Airteagal 18a, féadfar í a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an nós imeachta a chinnfidh an Bord Rialtóirí de bhun Airteagal 18a(1) agus (8). An breithiúnas a thabharfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh sé ceangailteach ar na páirtithe sa nós imeachta; feidhmeoidh SCE i gcomhréir leis an mbreithiúnas sin.”. (32) In Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre aonair atá ann: “D’fhonn a chuspóirí a chur ar aghaidh, beidh SCE i dteideal comhoibriú, faoi chuimsiú théarmaí an Chonartha seo, le CAI, le haon Stát atá ag soláthar cúnamh airgeadais ar bhonn ad hoc do Chomhalta de SCE, le haon Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh agus le haon eagraíocht nó le haon eintiteas idirnáisiúnta ar a bhfuil freagrachtaí i réimsí gaolmhara.”. (33) In Airteagal 40, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “4. Gan dochar d’Airteagail 8 go 11 agus 39, féadfaidh an Bord Rialtóirí, d’fhonn an t-aistriú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a éascú, tráinse breise caipitil údaraithe a chruthú, a bheidh le suibscríobh ag cuid de scairshealbhóirí SaorCAE nó ag scairshealbhóirí uile SaorCAE i gcomhréir leis an treoir ranníoca a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Creat-Chomhaontú SaorCAE a síníodh an 10 Meitheamh 2010 (faoi mar a leasaíodh é). Is éard a bheidh sa tráinse breise, caipiteal inghlaoite; ní bheidh aon chearta vótála aige (fiú má ghlaoitear caipiteal den sórt sin), agus beidh sé faoi réir uasmhéid a fhreagróidh do phríomhshuim chomhiomlán neamhíoctha na saoráidí iasachta SaorCAE a aistríodh arna iolrú faoi chéatadán nach airde ná 165%. Cinnfidh an Bord Rialtóirí modh agus imthosca na nglaonna ar chaipiteal agus na n-íocaíochtaí caipitil faoin tráinse breise. Ní mhéadóidh an t-aistriú dá dtagraítear i mír 2 suim dhliteanais SaorCAE agus SCE i gcomparáid leis an gcás a bheadh ann mura ndéanfaí an t-aistriú sin. Tacóidh an tráinse breise le haistriú iasachtaí SaorCAE agus laghdófar é i gcomhréir le haisíoc na n-iasachtaí sin. Tiocfaidh an cinneadh ón mBord Rialtóirí faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm a luaithe a bheidh fógra tugtha ag Comhaltaí SCE don Taiscí á rá go bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme tugtha i gcrích.”. (34) In Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 agus 2: “1) Iarscríbhinn I: Treoir ranníoca SCE; 2) Iarscríbhinn II: Suibscríobhanna an stoic chaipitiúil údaraithe; 3) Iarscríbhinn III: Critéir incháilitheachta le haghaidh cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE; agus 4) Iarscríbhinn IV: Critéir le haghaidh formheas iasachtaí agus eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop.”. (35) Cuirtear an téacs seo a leanas leis mar Iarscríbhinn III: “IARSCRÍBHINN III Critéir incháilitheachta le haghaidh cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE 1. Is iad na critéir seo thíos na critéir incháilitheachta le haghaidh cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE agus cinneadh iad ag féachaint don mhéid seo a leanas: (a) Ráiteas Chruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 inar formhuiníodh an bhileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, agus a sonraíodh go ndéanfar soiléiriú ar chritéir measúnaithe ex ante lena ndéanfaí measúnú i dtaca le feidhmíocht fhónta eacnamaíoch agus airgeadais, agus go leanfaidh an ionstraim um líne chreidmheasa faoi choinníollacha breisithe (‘LCCB’) de bheith ar fáil mar a bhforáiltear i dtreoirlínte SCE mar atá; agus (b) an comhsheasamh maidir leis an gcomhar sa todhchaí idir an Coimisiún Eorpach agus SCE, ar comhsheasamh é atá i gceangal leis an mbileog téarmaí maidir le hathchóiriú SCE, agus, chomh maith leis sin, maidir leis na róil agus na hinniúlachtaí a bheidh ag institiúidí de réir mar a bhforáiltear i gcreat dlí an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ag cur san áireamh gur de bhun Airteagail 13 agus 14 den Chonradh seo a dhéantar de réir an nós imeachta maidir le cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE a dheonú, agus ag cur san áireamh go bhféadfaidh an Bord Rialtóirí, de réir Airteagal 14(1) den Chonradh seo, cinneadh a dhéanamh cúnamh airgeadais réamhchúraim a dheonú do Chomhalta de SCE arb inbhuanaithe a fhiachas rialtais, agus go nglacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir le módúlachtaí lena ndéanfar cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den Chonradh seo, 2. Critéir incháilitheachta le haghaidh líne creidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim (‘LCCR’) a dheonú: Maidir le rochtain ar LCCR, beidh an rochtain sin bunaithe ar chritéir incháilitheachta agus beidh sí teoranta do Chomhaltaí de SCE a bhfuil a mbunstaid eacnamaíocha agus airgeadais láidir agus a bhfuil a bhfiachas rialtais inbhuanaithe. De ghnáth, is gá do Chomhaltaí de SCE tagarmharcanna cainníochtúla a bhaineann le faireachas AE a shroicheadh agus is gá dóibh coinníollacha cáilíochtúla a bhaineann le faireachas AE a chomhlíonadh. Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a dhéanfar measúnú i dtaobh an bhfuil Comhalta de SCE, ar tairbhí ionchasach é, cáilithe chun LCCR a fháil: (a) urramú na dtagarmharcanna buiséadacha cainníochtúla. Ní bheidh an Comhalta de SCE faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach agus is gá go mbeadh na trí thagarmharc seo a leanas sroichte aige sa dá bhliain roimh an iarraidh ar chúnamh airgeadais réamhchúraim: (i) easnamh rialtais ginearálta nach mó ná 3% de OTI; (ii) comhardú buiséadach struchtúrach rialtais ginearálta atá comhionann leis an íos-tagarmharc tírshonrach* nó atá níos airde ná é; (iii) tagarmharc fiachais a chuimsíonn cóimheas fiachais rialtais ghinearálta-OTI is ísle ná 60% nó laghdú sa difreálach i dtaca le 60% i gcaitheamh an dá bhliain roimhe sin ag meánráta aon fhichiú amháin sa bhliain; (b) gan aon ró-mhíchothromaíochtaí a bheith ann. Níor cheart an Comhalta de SCE a bheith aitheanta mar chomhalta ag a bhfuil ró-mhíchothromaíochtaí faoi fhaireachas AE; (c) teist maidir le rochtain ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta, i gcás inarb ábhartha, ar théarmaí réasúnacha; (d) staidfiachais sheachtraigh atá inbhuanaithe; agus (e) gan aon ghéarleochaileachtaí a bheith ann san earnáil airgeadais, ar leochaileachtaí iad a chuireann cobhsaíocht airgeadais an Chomhalta de SCE i bpriacail. 3. Critéir incháilitheachta le haghaidh LCCB a dheonú Beidh rochtain ar LCCB ar fáil do Chomhaltaí de SCE nach bhfuil incháilithe le haghaidh LCCR de bharr neamhchomhlíonadh roinnt critéar incháilitheachta ach a bhfuil a staid ginearálta eacnamaíoch agus airgeadais láidir agus a bhfiachas rialtais inbhuanaithe.”. (36) Cuirtear an téacs seo a leanas leis mar Iarscríbhinn IV: “IARSCRÍBHINN IV Critéir le haghaidh formheas iasachtaí agus eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop 1. Is é rud atá sna critéir thíosluaite critéir le haghaidh formheas iasachtaí agus eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop, agus cinneadh iad ag féachaint don mhéid seo a leanas: (a) Téarmaí tagartha an chúlstop choitinn i gcomhair CRA a formhuiníodh ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018; (b) Aithris 15b den Chonradh seo lena meabhraítear go bhforáiltear, i dtéarmaí tagartha an chúlstop choitinn i gcomhair CRA a formhuiníodh ag Cruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018, do chritéir le haghaidh eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop lena n-áirítear inter alia prionsabail na rogha deiridh agus na neodrachta buiséadaí ar feadh an mheántéarma, lán-chomhlíonadh an Rialacháin maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus na Treorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, agus buaine an chreata dlí; (c) Airteagal 12(1a) den Chonradh seo ina sonraítear nach ndeonófar iasachtaí faoin tsaoráid chúlstop ach amháin mar rogha dheiridh agus, a mhéid agus a bheidh neodracht bhuiséadach ar feadh an mheántéarma ag baint leis sin; (d) Airteagal 18a(8) den Chonradh seo ina sonraítear, maidir leis an tsaoráid chúlstop agus maidir lena húsáid, go mbeidh siad teagmhasach ar chomhlíonadh an choinníll maidir le buaine an chreata dlí um réiteach bainc, agus go gcinnfidh an Bord Rialtóirí de bhun Airteagal 18a(1) den Chonradh seo forálacha breise maidir leis an nós imeachta i dtaca le fíorú chomhlíonadh an choinníoll sin agus i dtaca leis na hiarmhairtí a ghabhfaidh leis sin a mhéid a bhaineann leis an tsaoráid chúlstop agus lena húsáid; (e) Airteagal 18a(5) den Chonradh seo ina sonraítear go ndéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh de thoil a chéile, agus iad arna dtreorú ag na critéir dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, maidir le hiasachtaí agus le heisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop, agus á chur san áireamh gur de bhun Airteagal 18a den Chonradh seo a dhéantar an nós imeachta maidir le deonú agus cur chun feidhme na saoráide cúlstop a chur i gcrích agus go nglacfaidh an Bord Stiúrthóirí treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí maidir le cur chun feidhme na saoráide cúlstop i gcomhréir le hAirteagal 18a(4) den Chonradh seo. 2. Critéir le haghaidh formheas iasachtaí agus eisíocaíochtaí faoin tsaoráid chúlstop: (a) Is mar rogha dheiridh a dtéitear ar iontaoibh na saoráide cúlstop. Dá bhrí sin: (i) tá na hacmhainní airgeadais CRA atá ar fáil lena n-úsáid i gcomhréir le hAirteagal 76 den Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair agus nach bhfuil geallta cheana i gcomhair gníomhaíochtaí réitigh ídithe, lena n-áirítear an cás ina bhfuil acmhainní airgeadais ar fáil in CRA, ach nach leor na hacmhainní sin don chás réitigh lena mbaineann; (ii) níl na ranníocaíochtaí ex post leordhóthanach nó níl fáil orthu láithreach; agus (iii) ní féidir le BRA iasacht a fháil ar théarmaí agus ar choinníollacha a measann BRA ina leith …

🔗 To official source

AI explanation based on the official legal text. Indicative, not a substitute for legal advice.