S.I. No. 501/2001 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Staitisticí i Leith Iompair Earraí agus Paisinéirí ar Muir), 2001 Skip to content Disclaimer Feedback Helpdesk Gaeilge Léim go dtí an t-ábhar Séanadh Aiseolas Deasc chabhrach English Gaeilge English Produced by the Office of the Attorney General Táirgthe ag Oifig an Ard-Aighne Home Legislation Acts of the Oireachtas Statutory Instruments Pre-1922 Legislation Constitution External Resources Bills (Houses of the Oireachtas) Iris Oifigiúil / Official Gazette Revised Acts (LRC) Classified List of Legislation (LRC) Translations (acts.
- ie)Translations (Houses of the Oireachtas) Government Publications for Sale EU Law (EUR-Lex) FAQ Disclaimer Feedback Helpdesk Search Baile Reachtaíocht Achtanna an Oireachtais Ionstraimí Reachtúla Reachtaíocht Réamh-1922 Bunreacht Acmhainní Seachtracha Billí (Tithe an Oireachtais) Iris Oifigiúil Achtanna Athbhreithnithe (CAD) (An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí) Liosta Rangaithe Reachtaíochta Aistriúcháin (achtanna.
- ie)Aistriúcháin (Tithe an Oireachtais) Foilseacháin Rialtais ar Díol Dlí AE (EUR-Lex) CCanna (Ceisteanna Coitianta) Séanadh Aiseolas Deasc chabhrach Cuardach TitleTeideal Year(
- s)or rangeBliain nó blianta nó raon TypeCineál All Legislation Acts Statutory Instruments Advanced SearchCuardach Casta HomeBaile Statutory InstrumentsIonstraimí Reachtúla 2001 S.I. No. 501/2001 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Staitisticí i Leith Iompair Earraí agus Paisinéirí ar Muir), 2001 S.I. No. 501/2001 - Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Staitisticí i Leith Iompair Earraí agus Paisinéirí ar Muir), 2001 AmendmentsLeasuithe I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972). agus chun éifeacht a thabhairt do Threoir 95/64/CE an 8 Nollaig 19951 ón gComhairle, déanaimse ___________________, Taoiseach, na rialacháin seo a leanas: 1. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Staitisticí i leith Iompair Earraí agus Paisinéirí ar Muir), 2001, is teideal do na Rialacháin seo. 2.
(1)Sna Rialacháin seo - ciallaíonn “Acht 1993” an t Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993); ciallaíonn “larscríbhinn” larscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir; ciallaíonn “Treoir” Treoir 95/64/CE an 8 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le tuairisceáin staitistiúla i leith iompair earraí agus paisinéirí ar muir; tá le “lárionad cuain iascaigh” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Lárionaid Cuanta Iascaigh, 1968 (Uimh. 18 de 1968) ; ciallaíonn “oibritheoir iompair mhuirí” aon duine a dhéanann conradh, nó a ndéantar conradh thar a cheann nó thar a ceann, le loingseoir nó le paisinéir chun earraí nó daoine a iompar ar muir; ciallaíonn “Oifig” an Phríomh-Oifig Staidrimh; ciallaíonn “údarás calafoirt” comhlacht atá sonraithe i Sceideal 1 nó 2 agus - (
- a)i gcás Iarnród Éireann - Irish Rail, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn do chuideachta sin atá ag gníomhú mar an gcomhlacht a bhfuil Cuan Ros Láir faoina (
- a)i gcás larnród Éireann - Irish Rail, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn do chuideachta sin atá ag gníomhú mar an gcomhlacht a bhfuil Cuan Ros Láir faoina rialú nó faoina bhainistiú, (
- b)i gcás chomhairle chontae Dhún na nGall, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht ag a bhfuil rialú nó bainistíocht chuan Bhéal Átha Seanaidh, chuan Bhun Cranncha, chuan Ailt an Chorráin, chuan an Chaisleáin Nua agus chuan Ráth Maoláin, (
- c)i gcás chomhairle cheantar uirbeach Dhún Garbhán, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht a chothabhálann Cuan Dhún Garbhán, (
- d)i gcás chomhairle cheantar uirbeach Chill Rois, déanfar é a fhorléiriú mar an chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht a chothabhálann Cé na Ceapaí i gCill Rois, agus (
- e)i gcás chomhairle cheantar uirbeach Eochaille, déanfar é a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don chomhairle sin ag gníomhú di mar an gcomhlacht a chothabhálann Cuan Eochaille; ciallaíonn “ráithe” tréimhse 3 mhí dar tosach an l ú lá d'Eanáir, an lú lá d'Aibreán, an l ú lá d'lúil nó an l ú lá de Dheireadh Fómhair aon bhliain; ciallaíonn “soitheach farraige” soitheach farraige seachas - (
- a)soitheach a loingsíonn go heisiach in uiscí intíre nó in uiscí atá laistigh d'uiscí foscúla nó de limistéir ina bhfuil feidhm ag rialacháin chalafoirt nó an-tadhlach le huiscí nó le limistéir den sórt sin, (
- b)soitheach gabhála éisc, (
- c)soitheach próiseála éisc, (
- d)soitheach druileála nó taiscéalaíochta, (
- e)tuga, (
- f)brú-árthach, (
- g)soitheach taighde agus suirbhéireachta, (
- h)dreidire, (
- i)soitheach cabhlaigh, nó (
- j)soitheach a úsáidtear d'aon toisc chun críocha neamhthráchtála.
(2)Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon fhocal nó abairt a úsáidtear sna Rialacháin seo agus a úsáidtear freisin sa Treoir, tá an bhrí chéanna leis nó léi sna Rialacháin seo atá léi sa Treoir.
(3)Sna Rialacháin seo, aon tagairt do Rialachán nó do Sceideal, is tagairt í do Rialachán de chuid na Rialachán seo nó do Sceideal a ghabhann leo.
(4)Sna Rialacháin seo, déanfar aon tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin, nó faoi, lena n-áirítear na Rialacháin seo. 3.
(1)(
- a)Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí A1, A2, C1, D1 agus F2 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soitheach. (
- b)Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí A1, A2, C1 agus F2 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soitheach. (
- c)Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na ráithe sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí D1 agus F2 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh farraige de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soitheach.
(2)(
- a)Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon bhliain dar tús an bhliain 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí B1 agus E1 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soitheach. (
- b)Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon bhliain dar tús an bhliain 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun na sraitheanna sonraí A3, B1 agus E1 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san Iarscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soitheach. (
- c)Aon oibritheoir iompair mhuirí a úsáideann, in aon bhliain dar tús an bhliain 2002, calafort de chuid údaráis calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1 nó i Sceideal 2, déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na bliana sin, an fhaisnéis a thabhairt don údarás sin atá ag teastáil chun an tsraith sonraí A3 a chomhlánú ar sonraí iad atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoitheach farraige de chuid an oibritheora sin nó a dílódáladh as, sa chalafort sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithigh farraige de chuid an oibritheora sin nó a chuaigh i dtír uaidh, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin. 4.
(1)(
- a)Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí A1, A2, C1, D1 agus F2 atá sonraithe san Iarscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, nó le paisinérí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soithí sin. (
- b)Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí A1, A2, C1 agus F2 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soithí sin. (
- c)Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh aon ráithe dar tús an ráithe a thosaíonn ar an 1 Eanáir, 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí D1 agus F2 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le paisinéirí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, le linn na ráithe sin, agus a bhaineann leis an soithí sin.
(2)(
- a)Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 1 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh aon bhliana dar tús an bhliain 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí B1 agus E1 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soithí sin. (
- b)Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 2 de Sceideal 1, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh aon bhliana dar tús an bhliain 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraitheanna sonraí A3, B1 agus E1 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort an údaráis calafoirt sin. nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, sa chalafort sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin, agus a bhaineann leis an soithí sin. (
- c)Déanfaidh údarás calafoirt a shonraítear i gCuid 3 de Sceideal 1 nó i Sceideal 2, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh aon bhliana dar tús an bhliain 2002, faisnéis a thabhairt don Oifig de réir na sraithe sonraí A3 atá sonraithe san larscríbhinn a bhaineann le hearraí a lódáladh ar shoithí farraige nó a dílódáladh astu, i gcalafort nó i gcalafoirt an údaráis calafoirt sin, nó le paisinéirí a chuaigh ar bord soithí nó a chuaigh i dtír uathu, sa chalafort nó sna calafoirt sin, nó le hearraí nó le paisinéirí den sórt sin araon, le linn na bliana sin. 5. Comhlíonfaidh an Oifig Airteagail 6 agus 7 den Treoir agus, dá réir sin, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt sna hAirteagail sin do Bhallstáit a fhorléiriú mar thagairt don Oifig. 6. Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh Rialachán 3 nó 4 a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion. 7. Beidh feidhm ag ailt 15, 23, 26 go 29, 32, 36 go 40 agus 42 go 44 d'Acht 1993, leis na modhnuithe seo a leanas, maidir leis na Rialacháin seo agus, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairt sna hailt sin don Acht sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do na Rialacháin seo - (
- a)i bhfo-ailt
(1)agus
(2)den alt sin 26, “forála de chuid na Rialachán seo” a chur in ionad “ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo” gach áit a bhfuil sé, (
- b)san alt sin 36, “forála de chuid na Rialachán seo” a chur in ionad “ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo”, (
- c)san alt sin 38, “nó faoi na hachtacháin aisghairthe” agus “nó a dhéanfaidh faisnéis a bhaineann le haon duine nó gnóthas inaitheanta a nochtadh go toiliúil de shárú ar alt 33 den Acht seo” a scriosadh, (
- d)san alt sin 42, “forála de chuid na Rialachán seo” a chur in ionad “ceanglais arna dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo”, (
- e)san alt sin 44 - (
- i)i bhfo-alt
(1), “dlífear ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi” a chur in ionad “dlífear - (
- a)ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi, nó (
- b)ar é nó i a chiontú ar díotáil fineáil nach mó ná £20,000 a chur air nó uirthi”, agus (
- ii)i bhfo-alt
(2), “dlífear ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £50 a chur air nó uirthi” a chur in ionad “dlífear - (
- a)ar é nó i a chiontú go hachomair fineáil nach mó ná £50 a chur air nó uirthi, nó (
- b)ar é nó i a chiontú ar díotáil fineáil nach mó ná £1,000 a chur air nó uirthi”, agus déanfar tagairt in aon cheann de na hailt réamhráite d'Acht 1933 d'alt de chuid an Achta sin a fhorléiriú mar thagairt don alt sin arna mhodhnú leis an Rialachán seo agus fara aon mhodhnuithe eile is gá. 8. I gcás cion faoi na Rialacháin seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú, le ceadú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach comhchosúil eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite. SCEIDEAL 1 ÚDARÁIS CHALAFOIRT DO CHALAFOIRT A SHOLÁTHRAÍONN FAISNÉIS DON OIFIG IN AGHAIDH NA RÁITHE AGUS IN AGHAIDH NA BLIANA Rialacháin 3 agus 4 CUID 1 Cuideachta Chalafort Chorcaí Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath Iarnród Éireann - Irish Rail CUID 2 Coimisinéirí Cuain Bhá Bheanntraí Cuideachta Chalafort Dhroichead Átha Cuideachta Chalafort Ros Mhic Thriúin Cuideachta Chalafort na Fianaite/na Sionainne Cuideachta Chalafort Phort Lairge CUID 3 Cuideachta Chalafort Dhún Laoghaire SCEIDEAL 2 ÚDARÁIS CHALAFOIRT DO CHALAFOIRT A SHOLÁTHRAÍONN FAISNÉIS DON OIFIG IN AGHAIDH NA BLIANA Rialacháin 3 agus 4 Coimisinéirí Cé Áth na gCasán Coimisinéirí Cuain an Inbhir Mhóir Comisinéirí Cuain Dhún na Séad agus an Sciobairín CRH Roadstone Provinces Ltd. Coimisinéirí Cuain an Daingin Comhairle chontae Dhún na nGall Coimisinéirí Cuain Dhún Dealgan Comhairle cheantar uirbeach Dhún Garbhán Cuideachta Chuan na Gaillimhe Greenore Ferry Services Limited Comhairle cheantar uirbeach Chill Rois Coimisinéirí Cuain Chionn tSáile Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha i ndáil leis na lárionaid chuanta iascaigh seo a leanas: (
- a)an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Bhaile Chaisleáin Bhéarra san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Baile Chaisleáin Bhéarra), 1970 (I.R. Uimh. 57 de 1970), (
- b)an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Dhún Mór san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Dún Mór), 1989 (I.R. Uimh. 337 de 1989), (
- c)an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Bhinn Éadair san Ordú um Larionad Chuan Iascaigh (Binn Éadair), 1989 (I.R. Uimh. 336 de 1989), (
- d)an lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh na gCealla Beaga san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Na Cealla Beaga), 1969 (I.R. Uimh. 210 de 1969), (
- e)an Iárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Ros a' Mhíl san Ordú um Lárionad Chuan Iascaigh (Ros a' Mhíl), 1981 (I.R. Uimh. 208 de 1981), Coimisinéirí na Muaidhe Coimisinéirí Cuain Shligigh Coimisinéirí Cé agus Cuain na Fianaite Coimisinéirí Calafoirt agus Cuain Chathair na Mart Coimisinéirí Cuain Loch Garman Coimisinéirí Cuain Chill Mhantáin Comhairle cheantar uirbeach Eochaille ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, 6 Nov. 2001. _______________ Taoiseach. 1 IO Uimh. L320, 30.12.95, Ich. 25 Privacy Statement Accessibility European Legislation Identifier (PDF) Open Data License Ráiteas Príobháideachais Inrochtaineacht Aitheantóir Eorpach Reachtaíochta (ELI) Ceadúnas Sonraí Oscailte Liosta Fianán © Government of Ireland. Oireachtas Copyright Material is reproduced with the permission of the Houses of the Oireachtas © Rialtas na hÉireann. Atáirgtear ábhar faoi Chóipcheart le cead ó Thithe an Oireachtais