📄 Legal text
European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014
Skip to content
Disclaimer
Feedback
Helpdesk
Gaeilge
Léim go dtí an t-ábhar
Séanadh
Aiseolas
Deasc chabhrach
English
Gaeilge
English
Produced by the Office of the Attorney General
Táirgthe ag Oifig an Ard-Aighne
Home
Legislation
Acts of the Oireachtas
Statutory Instruments
Pre-1922 Legislation
Constitution
External Resources
Bills (Houses of the Oireachtas)
Iris Oifigiúil / Official Gazette
Revised Acts (LRC)
Classified List of Legislation (LRC)
Translations (acts.ie)
Translations (Houses of the Oireachtas)
Government Publications for Sale
EU Law (EUR-Lex)
FAQ
Disclaimer
Feedback
Helpdesk
Search
Baile
Reachtaíocht
Achtanna an Oireachtais
Ionstraimí Reachtúla
Reachtaíocht Réamh-1922
Bunreacht
Acmhainní Seachtracha
Billí (Tithe an Oireachtais)
Iris Oifigiúil
Achtanna Athbhreithnithe (CAD) (An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí)
Liosta Rangaithe Reachtaíochta
Aistriúcháin (achtanna.ie)
Aistriúcháin (Tithe an Oireachtais)
Foilseacháin Rialtais ar Díol
Dlí AE (EUR-Lex)
CCanna (Ceisteanna Coitianta)
Séanadh
Aiseolas
Deasc chabhrach
Cuardach
TitleTeideal
Year(s) or rangeBliain nó blianta nó raon
TypeCineál
All Legislation
Acts
Statutory Instruments
Advanced SearchCuardach Casta
HomeBaile
ActsAchtanna
2014
European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014
European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014
Permanent
Page URL
View by SectionAmharc de réir Ailt
View Full ActAmharc ar an Acht Iomlán
Bill History
Stair Bille
Commencement, Amendments, SIs made under the Act
Tosach Feidhme, Leasuithe, IRí arna ndéanamh faoin Acht
Revised Act
Acht Athbh…
Open PDFOscail PDF
Print Full ActPriontáil an tAcht Iomlán
Number 32 of 2014
EUROPEAN STABILITY MECHANISM (AMENDMENT) ACT 2014
CONTENTS
Section
1. Interpretation
2. Amendment of definition of “Treaty” in Principal Act
3. Provision with respect to particular type of instrument and particular entities
4. Class of instrument to which section 3 relates
5. Application of sections 5, 6 and 7 of Principal Act
6. Short title, collective citation and construction
SCHEDULE
PART 1
Text of Treaty in the Irish Language
PART 2
Text of Treaty in the English Language
Acts Referred to
European Stability Mechanism Act 2012
(No. 20)
Number 32 of 2014
EUROPEAN STABILITY MECHANISM (AMENDMENT) ACT 2014
An Act to amend and extend the European Stability Mechanism Act 2012 and to provide for related matters. [30 th October, 2014]
Be it enacted by the Oireachtas as follows:
Interpretation
1. (1) In this Act—
“Board of Governors” means the Board of Governors referred to in Article 4;
“ESM” means the international financial institution established as the European Stability Mechanism by Article 1;
“ESM Member” means a state that is a member of the ESM;
“Principal Act” means the
European Stability Mechanism Act 2012
;
“Treaty”, other than in
section 2
, has the meaning given to it by the Principal Act as amended by
section 2
.
(2) A reference in this Act to a numbered Article is a reference to the Article so numbered of the Treaty.
Amendment of definition of “Treaty” in Principal Act
2. (1) Section 1 of the Principal Act is amended by substituting the following for the definition of “Treaty”—
“ ‘Treaty’ means the Treaty establishing the European Stability Mechanism done at Brussels on 2 February 2012 between the Euro Area Member States of the European Union as adapted in consequence of the accession of the Republic of Latvia to it on 13 March 2014, the text of which (including the Annexes and in both of the official languages), is set out, as provided by
section 2
(2) of the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014, in the Schedule to that Act;”.
(2) The text (including the Annexes) of the Treaty, that is to say the Treaty referred to in section 1, as it stands amended by subsection (1), of the Principal Act, is set out in—
(a) Part 1 of the Schedule in the Irish language, and
(b) Part 2 of the Schedule in the English language.
(3) The Schedule to the Principal Act is repealed.
Provision with respect to particular type of instrument and particular entities
3. The legal incidents and effects that the provisions of the Treaty and the Principal Act comprise shall include the legal incidents and effects arising by virtue or in consequence of—
(a) the granting of an instrument of the class specified in
section 4
, and
(b) the establishment of subsidiary bodies or sub-entities by the ESM the purpose of which is to finance or implement, or to have vested in them ownership of, the capital instruments related to the recapitalisation referred to in
section 4
.
Class of instrument to which section 3 relates
4. The class of instrument referred to in
section 3
is an instrument that effects the direct recapitalisation of a financial institution of an ESM member, being an instrument added to the list of financial instruments provided for in Articles 14 to 18 by a decision made by the Board of Governors under Article 19.
Application of sections 5, 6 and 7 of Principal Act
5. Sections 5, 6 and 7 of the Principal Act shall apply to the ESM acting through a subsidiary body or sub-entity referred to in section 3(b) as they apply to the ESM otherwise.
Short title, collective citation and construction
6. (1) This Act may be cited as the European Stability Mechanism (Amendment) Act 2014.
(2) The
European Stability Mechanism Act 2012
and this Act may be cited together as the European Stability Mechanism Acts 2012 and 2014 and shall be read together as one.
SCHEDULE
PART 1
Text of Treaty in the Irish Language
CONRADH
LENA mBUNAÍTEAR AN SÁSRA COBHSAÍOCHTA
EORPACH
IDIR RÍOCHT NA BEILGE, POBLACHT CHÓNAIDHME NA
GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE, ÉIRE, AN PHOBLACHT
HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE, POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA hIODÁILE, POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG, MÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE, POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE, POBLACHT NA
SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE AGUS POBLACHT NA
FIONLAINNE
TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA, Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Poblacht na Fionlainne (“Ballstáit an limistéir euro” nó “Comhaltaí SCE”);
AR A BHEITH TIOMANTA do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro a áirithiú;
AG MEABHRÚ DÓIBH Chonclúidí na Comhairle Eorpaí maidir le sásra cobhsaíochta Eorpach a bhunú a glacadh an 25 Márta 2011;
DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:
(1) Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú an 17 Nollaig 2010 go gcaithfeadh Ballstáit an limistéir euro buansásra cobhsaíochta a bhunú. Glacfaidh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach seo (“SCE”) na cúraimí atá á gcomhall ag an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach (“SaorCAE”) agus ag an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (“SásCAE”) faoi láthair air féin le linn cúnamh airgeadais a sholáthar, i gcás inar gá sin, do Bhallstáit de chuid an limistéir euro.
(2) An 25 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh 2011/199/AE lena leasaítear Airteagal 136 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le sásra cobhsaíochta le haghaidh na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu 1
agus lena gcuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 136: “Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu sásra cobhsaíochta a bhunú atá le gníomhachtú má tá sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine a choimirciú. Beidh deonú aon chúnaimh airgeadais atá ag teastáil faoin sásra faoi réir coinníollachta doichte”.
(3) D’fhonn éifeachtacht an chúnaimh airgeadais a mhéadú agus an priacal aicídithe airgeadais a chosc, tháinig Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu ar chomhaontú an 21 Iúil 2011 ‘solúbthacht [SCE] a mhéadú ach coinníollacht chuí a bheith ceangailte leis’.
(4) Is é an chéad bheart cosanta ba cheart a bheith ann fós i gcoinne géarchéimeanna muiníne, a dhéanfadh dochar do chobhsaíocht an limistéir euro, urramú docht chreat an Aontais Eorpaigh, an fhaireachais mhaicreacnamaíoch chomhtháite, agus go háirithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, an chreata um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus na rialacha maidir le rialachas eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh.
(5) An 9 Nollaig 2011, chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu gluaiseacht i dtreo aontais eacnamaíoch níos láidre, lena n-áirítear comhaontú buiséadach nua agus comhordú treisithe ar bheartas eacnamaíoch a chuirfear chun feidhme trí chomhaontú idirnáisiúnta, an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (“CCCR”). Cuideoidh CCCR le comhordú níos dlúithe a fhorbairt laistigh den limistéar euro d’fhonn bainistíocht mharthanach, fhónta agus urrúnta ar an airgeadas poiblí a áirithiú, agus tabharfaidh sé aghaidh ar an gcaoi sin ar cheann de phríomhfhoinsí na héagobhsaíochta airgeadais. Is conarthaí comhlántacha an Conradh seo agus CCCR i dtaca leis an bhfreagracht bhuiséadach agus an dlúthpháirtíocht laistigh den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chothú. Admhaítear agus comhaontaítear go mbeidh deonú cúnaimh airgeadais faoi chreat chláir nua faoi SCE coinníollach, amhail ar an 1 Márta 2013, ar an gComhalta de SCE lena mbaineann do dhaingniú CCCR agus, ar dhul in éag don tréimhse trasuite dá dtagraítear in Airteagal 3(2) CCCR, ar chomhlíonadh cheanglais an airteagail sin.
(6) I bhfianaise an idirghaoil láidir atá ann laistigh den limistéar euro, d’fhéadfadh priacail mhóra do chobhsaíocht airgeadais Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine a chur i bpriacal. Féadfaidh SCE, dá bhrí sin, tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar ar bhonn coinníollachta doichte, a bheidh cuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar, má tá sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine agus a Bhallstát a choimirciú. Tá uasmhéid na hiasachtóireachta is féidir a sholáthar i dtosach ó SCE socraithe ag EUR 500 000 milliún, lena n-áirítear an tacaíocht chobhsaíochta SCE atá fós gan aisíoc. Déanfar leordhóthanacht uasmhéid comhdhlúite iasachtóireachta SCE agus SaorCAE a athmheasúnú, áfach, sula dtiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm. Más cuí, déanfaidh Bord Rialtóirí SCE é a mhéadú, i gcomhréir le hAirteagal 10, ar theacht i bhfeidhm an Chonartha seo.
(7) Tiocfaidh gach Ballstát den limistéar euro chun bheith ina Chomhalta de SCE. Mar thoradh ar chomhaltas den limistéar euro a fháil, ba cheart go dtiocfadh Ballstát den Aontas Eorpach chun bheith ina Chomhalta de SCE, agus na cearta iomlána agus na hoibleagáidí iomlána aige, i gcomhréir le cearta agus le hoibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha.
(8) Comhoibreoidh SCE go dlúth leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (“CAI”) le linn tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar. Féachfar le rannpháirtíocht ghníomhach CAI a fháil, ar an leibhéal teicniúil agus ar leibhéal an airgeadais. Maidir le haon Bhallstát den limistéar euro a iarrfaidh cúnamh airgeadais ar SCE, beifear ag súil go ndéanfaidh sé, i ngach cás gur féidir, iarraidh chomhchosúil a dhíriú chuig CAI.
(9) Maidir le Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil an euro mar airgeadra acu (“Ballstáit nach den limistéar euro”) a ghlacfaidh páirt ar bhonn ad hoc i gcomhar le SCE in oibríocht tacaíochta cobhsaíochta do Bhallstáit de chuid an limistéir euro, iarrfar orthu freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe SCE nuair a phléifear an tacaíocht chobhsaíochta sin agus an faireachán a dhéanfar uirthi. Beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis uile ar mhodh tráthúil agus rachfar i gcomhairle leo go cuí.
(10) An 20 Meitheamh 2011, thug ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh údarú do na páirtithe is Páirtithe Conarthacha sa Chonradh seo a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an mBanc Ceannais Eorpach (“BCE”) na cúraimí dá bhforáiltear sa Chonradh seo a fheidhmiú.
(11) Sa ráiteas uaidh an 28 Samhain 2010, dhearbhaigh an Grúpa Euro go ndéanfar clásail chomhghníomhaíochta (“CCGanna”) a bheidh caighdeánaithe agus comhionann a áireamh i dtéarmaí agus i gcoinníollacha bhannaí rialtais nua uile an limistéir euro, ionas go ndéanfar leachtacht an mhargaidh a chaomhnú. Faoi mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2011, rinne an Coiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na socruithe dlíthiúla mionsonraithe lena n-áireofar CCGanna in urrúis rialtais an limistéir euro a thabhairt chun críche.
(12) I gcomhréir le cleachtas CAI agus i gcásanna eisceachtúla, déanfar foirm rannpháirtíochta leordhóthanaí agus comhréirí ag an earnáil phríobháideach a bhreithniú i gcásanna ina ndéantar tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar agus coinníollacht ag gabháil ina teannta i bhfoirm cláir coigeartuithe maicreacnamaíocha.
(13) Fearacht CAI, soláthróidh SCE tacaíocht chobhsaíochta do Chomhalta de SCE nuair nach mbeidh gnáthrochtain rialta aige ar mhaoiniú margaidh nó nuair atá priacal ann go dtarlóidh sin. I bhfianaise an méid sin, dúirt na Ceannairí Stáit nó Rialtais go mbeidh stádas mar chreidiúnaí tosaíochta ag iasachtaí SCE ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach ina bhfuil an stádas sin ag iasachtaí CAI, ach glacann siad leis freisin go mbeidh stádas mar chreidiúnaí tosaíochta ag CAI ar SCE. Beidh éifeacht leis an stádas sin amhail ar an dáta a thiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm. I gcás ina mbeidh cúnamh airgeadais SCE i bhfoirm iasachtaí SCE ann tar éis cláir cúnaimh airgeadais atá ann tráth sínithe an Chonartha seo, beidh ag SCE an tsinsearacht chéanna a bheidh ag iasachtaí agus oibleagáidí uile eile an Chomhalta de SCE is tairbhí, seachas iasachtaí CAI.
(14) Tacóidh Ballstáit an limistéir euro le deonú stádais choibhéisigh mar chreidiúnaí do SCE agus do Stáit eile a thabharfaidh iasachtaí déthaobhacha i gcomhar le SCE.
(15) Maidir le coinníollacha iasachtóireachta SCE le haghaidh Ballstát atá faoi réir cláir coigeartuithe maicreacnamaíocha, lena n-áirítear iad sin dá dtagraítear in Airteagal 40 den Chonradh seo, déanfaidh siad costais maoinithe agus oibriúcháin SCE a chumhdach agus ba cheart go mbeidís comhsheasmhach le coinníollacha iasachtóireachta na gComhaontuithe Saoráide Cúnaimh Airgeadais arna síniú idir SaorCAE, Éire agus Banc Ceannais na hÉireann ar thaobh amháin agus SaorCAE, Poblacht na Portaingéile agus Banco de Portugal ar an taobh eile.
(16) Ba cheart díospóidí a eascróidh idir na Páirtithe Conarthacha nó idir na Páirtithe Conarthacha agus SCE maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chonartha seo a chur faoi bhráid dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 273 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).
(17) Déanfaidh an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh faireachas iarchláir faoi chuimsiú an chreata a leagtar síos in Airteagal 121 agus Airteagal 136 CFAE,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
CAIBIDIL 1
COMHALTAS AGUS CUSPÓIR
AIRTEAGAL 1
Bunú agus comhaltaí
1. Leis an gConradh seo, déanann na Páirtithe Conarthacha institiúid idirnáisiúnta airgeadais, ar a dtabharfar “an Sásra Cobhsaíochta Eorpach” (“SCE”), a bhunú eatarthu féin.
2. Is Comhaltaí de SCE na Páirtithe Conarthacha.
AIRTEAGAL 2
Comhaltaí nua
1. Beidh comhaltas de SCE ar oscailt do na Ballstáit eile den Aontas Eorpach ón tráth a thiocfaidh an cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140(2) CFAE, i bhfeidhm, ar cinneadh é lena n-aisghairtear an maolú atá ag na Ballstáit sin gan an euro a ghlacadh.
2. Maidir le Comhaltaí nua de SCE, ligfear isteach iad faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna atá ag Comhaltaí reatha de SCE, i gcomhréir le hAirteagal 44.
3. Gheobhaidh Comhalta nua a aontaíonn do SCE tar éis a bhunaithe scaireanna in SCE mar mhalairt ar a ranníoc caipitiúil, arna ríomh i gcomhréir leis an treoir ranníoca dá bhforáiltear in Airteagal 11.
AIRTEAGAL 3
Cuspóir
Is é is cuspóir do SCE cistiú a shlógadh agus tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar, faoi choinníollacht dhocht, a bheidh cuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar, chun leasa Comhaltaí de SCE a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe acu nó a bhfuil deacrachtaí móra maoinithe ag bagairt orthu, má tá na nithe sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine agus a Bhallstát a choimirciú. Chun na críche sin, beidh SCE i dteideal cistí a thiomsú trí ionstraimí airgeadais a eisiúint nó trí theacht ar chomhaontuithe nó ar shocruithe airgeadais nó eile le Comhaltaí de SCE, le hinstitiúidí airgeadais nó le tríú páirtithe eile.
CAIBIDIL 2
RIALACHAS
AIRTEAGAL 4
Struchtúr agus rialacha vótála
1. Beidh Bord Rialtóirí agus Bord Stiúrthóirí, maille le Stiúrthóir Bainistíochta agus foireann eile dá chuid féin ag SCE de réir mar a mheasfar is gá.
2. Déanfar cinntí an Bhoird Rialtóirí agus an Bhoird Stiúrthóirí de thoil a chéile, trí thromlach cáilithe nó trí thromlach simplí, mar a shonraítear sa Chonradh seo. Maidir leis na cinntí uile a dhéanfar, ní mór córam 2/3 de na comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, atá in ionannas do 2/3 ar a laghad de na cearta vótála, a bheith i láthair.
3. Chun cinneadh de thoil a chéile a ghlacadh, is gá aontoilíocht na gcomhaltaí a ghlacfaidh páirt sa vóta. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil bac ar chinneadh a ghlacadh de thoil a chéile.
4. De mhaolú ar mhír 3, déanfar nós imeachta vótála éigeandála a úsáid i gcásanna ina dtagann an Coimisiún Eorpach agus BCE araon ar an tátal go mbeadh bagairt ann ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro má mhainnítear cinneadh a ghlacadh go práinneach chun cúnamh airgeadais, arna shainmhíniú in Airteagail 13 go 18, a dheonú nó a chur chun feidhme. Is gá tromlach cáilithe 85 % de na vótaí a caitheadh le go bhféadfaidh an Bord Rialtóirí agus an Bord Stiúrthóirí cinneadh dá dtagraítear i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 5(6) a ghlacadh de thoil a chéile faoin nós imeachta éigeandála sin.
I gcás ina n-úsáidtear an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déantar aistriú ón gcúlchiste agus/nó ón gcaipiteal íoctha chuig cúlchiste éigeandála chun maolán tiomanta a chruthú chun na priacail a eascraíonn as an tacaíocht airgeadais a dheonaítear faoin nós imeachta éigeandála sin a chumhdach. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh an cúlchiste éigeandála a chealú agus a bhfuil ann a aistriú ar ais chuig an gcúlchiste agus/nó chuig an gcaipiteal íoctha.
5. Chun cinneadh a ghlacadh trí thromlach cáilithe, is gá ochtó faoin gcéad (80 %) de na vótaí a caitheadh.
6. Chun cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí, is gá tromlach na vótaí a caitheadh.
7. Beidh cearta vótála gach Comhalta de SCE, mar a fheidhmeoidh a cheapaí nó ionadaí an cheapaí ar an mBord Rialtóirí nó ar an mBord Stiúrthóirí iad, cothrom le líon na scaireanna a leithroinneadh ar an gComhalta sin i stoc caipitiúil údaraithe SCE mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
8. Má mhainníonn aon Chomhalta de SCE aon chuid den mhéid atá dlite maidir lena oibleagáidí a íoc i ndáil leis na scaireanna íoctha nó na glaonna caipitil faoi Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10, nó i ndáil le haisíoc an chúnaimh airgeadais faoi Airteagal 16 nó Airteagal 17, ní bheidh sé de chead ag an gComhalta sin aon chearta vótála dá chuid a fheidhmiú fad a mhairfidh an mhainneachtain sin. Déanfar na tairseacha vótála a athríomh dá réir sin.
AIRTEAGAL 5
An Bord Rialtóirí
1. Ceapfaidh gach Comhalta de SCE Rialtóir agus Rialtóir malartach. Beidh na ceapacháin sin in-chúlghairthe tráth ar bith. Is comhalta de rialtas an Chomhalta sin de SCE atá freagrach as airgeadas a bheidh ina Rialtóir. Beidh lánchumhacht ag an Rialtóir malartach gníomhú thar ceann an Rialtóra nuair nach bhfuil an Rialtóir i láthair.
2. Déanfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh i dtaobh an rachaidh Uachtarán an Ghrúpa Euro, dá dtagraítear i bPrótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, i gceannas air nó an dtoghfaidh an Bord Rialtóirí Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc a chuid comhaltaí le haghaidh téarma dhá bhliain. Féadfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a atoghadh. Eagrófar toghchán nua gan mhoill mura bhfuil an fheidhm is gá le haghaidh ainmniúcháin mar Rialtóir ag an sealbhóir oifige a thuilleadh.
3. Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún Eorpach atá i bhfeighil gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus Uachtarán BCE, mar aon le hUachtarán an Ghrúpa Euro (murab é nó í an Cathaoirleach agus mura Rialtóir é nó í), páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí i gcáil breathnóirí.
4. Maidir le hionadaithe Ballstát nach den limistéar euro a ghlacfaidh páirt ar bhonn ad hoc i gcomhar le SCE in oibríocht tacaíochta cobhsaíochta do Bhallstát den limistéar euro, iarrfar orthu freisin páirt a ghlacadh, i gcáil breathnóirí, i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí nuair a phléifear an tacaíocht chobhsaíochta sin agus an faireachán a dhéanfar uirthi.
5. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a iarraidh ar dhaoine eile, lena n-áirítear ionadaithe de chuid institiúidí nó eagraíochtaí, amhail CAI, freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe ar bhonn ad hoc.
6. Déanfaidh an Bord Rialtóirí na cinntí seo a leanas de thoil a chéile:
(a) an cúlchiste éigeandála a chealú agus a bhfuil ann a aistriú ar ais chuig an gcúlchiste agus/nó chuig an gcaipiteal íoctha, i gcomhréir le hAirteagal 4(4);
(b) scaireanna nua a eisiúint faoi théarmaí seachas téarmaí ar par, i gcomhréir le hAirteagal 8(2);
(c) na glaonna caipitil a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 9(1);
(d) an stoc caipitiúil údaraithe a athrú agus uasmhéid na hiasachtóireachta ó SCE a oiriúnú, i gcomhréir le hAirteagal 10(1);
(e) nuashonrú ionchasach ar an treoir le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE a chur i gcuntas, i gcomhréir le hAirteagal 11(3), agus na hathruithe a bheidh le déanamh ar Iarscríbhinn I a chur i gcuntas, i gcomhréir le hAirteagal 11(6);
(f) tacaíocht chobhsaíochta ó SCE a sholáthar, lena n-áirítear an choinníollacht i dtaca le beartas eacnamaíoch arna lua sa mheabhrán tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 13(3), agus an rogha ionstraimí agus na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhunú, i gcomhréir le hAirteagail 12 go 18;
(g) sainordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach an choinníollacht i dtaca le beartas eacnamaíoch a bheidh ag gabháil le gach cúnamh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 13(3), a chaibidil, i gcuibhreann le BCE;
(h) an beartas praghsála agus an treoirlíne praghsála le haghaidh cúnaimh airgeadais a athrú, i gcomhréir le hAirteagal 20;
(i) liosta na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais a fhéadfaidh SCE a úsáid a athrú, i gcomhréir le hAirteagal 19;
(j) na módúlachtaí a bhunú maidir le haistriú na tacaíochta ó SaorCAE go dtí SCE, i gcomhréir le hAirteagal 40;
(k) an t-iarratas ar chomhaltas de SCE ag comhaltaí nua, dá dtagraítear in Airteagal 44, a fhormheas;
(l) oiriúnuithe a dhéanamh ar an gConradh seo de thoradh díreach ar aontachas comhaltaí nua, lena n-áirítear athruithe a bheidh le déanamh ar dháileadh an chaipitil ar Chomhaltaí SCE agus dáileadh den sórt sin a ríomh de thoradh díreach ar aontachas comhalta nua do SCE, i gcomhréir le hAirteagal 44; agus
(m) na cúraimí a liostaítear san Airteagal seo a tharmligean chuig an mBord Stiúrthóirí.
7. Déanfaidh an Bord Rialtóirí na cinntí seo a leanas trí thromlach cáilithe:
(a) téarmaí teicniúla agus mionsonraithe aontachais comhalta nua le SCE a leagan amach, i gcomhréir le hAirteagal 44;
(b) cinneadh i dtaobh Uachtarán an Ghrúpa Euro do dhul i gceannas air nó Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach an Bhoird Rialtóirí a thoghadh, trí thromlach cáilithe, i gcomhréir le mír 2;
(c) fodhlíthe SCE agus na rialacha nóis imeachta is infheidhme maidir leis an mBord Rialtóirí agus leis an mBord Stiúrthóirí (lena n-áirítear an ceart chun coistí agus fochomhlachtaí a bhunú) a leagan amach, i gcomhréir le mír 9;
(d) liosta na ngníomhaíochtaí atá ar neamhréir le dualgais Stiúrthóra nó Stiúrthóra mhalartaigh a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 6(8);
(e) an Stiúrthóir Bainistíochta a cheapadh agus deireadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 7;
(f) cistí eile a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 24;
(g) na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun fiach a ghnóthú ó Chomhalta de SCE, i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus (3);
(h) cuntais bhliantúla SCE a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 27(1);
(i) comhaltaí an Bhoird Iniúchóirí a cheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 30(1);
(j) na hiniúchóirí seachtracha a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 29;
(k) an díolúine atá ag Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí, ag Rialtóir, ag Rialtóir malartach, ag Stiúrthóir, ag Stiúrthóir malartach nó ag an Stiúrthóir Bainistíochta a tharscaoileadh, i gcomhréir le hAirteagal 35(2);
(l) an córas cánachais is infheidhme maidir le foireann SCE a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 36(5);
(m) díospóid, i gcomhréir le hAirteagal 37(2); agus
(n) aon chinneadh eile is gá agus nach bhforáiltear dó go sainráite leis an gConradh seo.
8. Is é nó is í an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Rialtóirí agus a bheidh i gceannas ar na cruinnithe sin. Beidh an Leaschathaoirleach i gceannas ar na cruinnithe sin aon uair nach mbeidh an Cathaoirleach in ann páirt a ghlacadh iontu.
9. Déanfaidh an Bord Rialtóirí a rialacha nóis imeachta agus fodhlíthe SCE a ghlacadh.
AIRTEAGAL 6
An Bord Stiúrthóirí
1. Ceapfaidh gach Rialtóir Stiúrthóir amháin agus Stiúrthóir malartach amháin as measc daoine a bhfuil ard-inniúlacht acu i gcúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais. Is ceapacháin a bheidh in-chúlghairthe tráth ar bith na ceapacháin sin. Beidh lánchumhacht ag na Stiúrthóirí malartacha gníomhú thar ceann an Stiúrthóra nuair nach bhfuil an Stiúrthóir i láthair.
2. Féadfaidh an Comhalta den Choimisiún Eorpach atá i bhfeighil gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus Uachtarán BCE breathnóir amháin an duine a cheapadh.
3. Maidir le hionadaithe Ballstát nach den limistéar euro a ghlacfaidh páirt ar bhonn ad hoc i gcomhar le SCE in oibríocht cúnaimh airgeadais le haghaidh Ballstáit den limistéar euro, iarrfar orthu freisin páirt a ghlacadh, i gcáil breathnóirí, i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí nuair a phléifear an cúnamh airgeadais sin agus an faireachán a dhéanfar air.
4. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a iarraidh ar dhaoine eile, lena n-áirítear ionadaithe de chuid institiúidí nó eagraíochtaí, freastal, i gcáil breathnóirí, ar chruinnithe ar bhonn ad hoc.
5. Is trí thromlach cáilithe a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinntí, mura ndeirtear a mhalairt sa Chonradh seo. Maidir le cinntí a ghlacfar ar bhonn cumhachtaí arna dtarmligean ag an mBord Rialtóirí, is i gcomhréir leis na rialacha vótála iomchuí a leagtar amach in Airteagal 5(6) agus (7) a ghlacfar iad.
6. Gan dochar do chumhachtaí an Bhoird Rialtóirí mar atá leagtha amach in Airteagal 5, áiritheoidh an Bord Stiúrthóirí go ndéanfar SCE a reáchtáil i gcomhréir leis an gConradh seo agus le fodhlíthe SCE, arna nglacadh ag an mBord Rialtóirí. Déanfaidh an Bord cinntí de réir mar a fhoráiltear sa Chonradh seo nó cinntí a bheidh tarmligthe chuige ag an mBord Rialtóirí.
7. Déanfar aon fholúntas ar an mBord Stiúrthóirí a líonadh láithreach i gcomhréir le mír 1.
8. Leagfaidh an Bord Rialtóirí síos na gníomhaíochtaí sin atá ar neamhréir le dualgais Stiúrthóra nó Stiúrthóra mhalartaigh, agus leagfaidh sé síos freisin fodhlíthe SCE agus rialacha nóis imeachta an Bhoird Stiúrthóirí.
AIRTEAGAL 7
An Stiúrthóir Bainistíochta
1. Ceapfaidh an Bord Rialtóirí an Stiúrthóir Bainistíochta as measc iarrthóirí ag a bhfuil náisiúntacht Comhalta de SCE, taithí iomchuí idirnáisiúnta agus ardleibhéal inniúlachta i gcúrsaí eacnamaíocha agus airgeadais. Fad a shealbhóidh an Stiúrthóir Bainistíochta oifig, ní ceadmhach dó nó di a bheith ina Rialtóir ná ina Stiúrthóir ná ina mhalartach nó ina malartach do cheachtar díobh.
2. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Bainistíochta. Féadfar é nó í a athcheapadh uair amháin. Scoirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta dá oifig nó dá hoifig a shealbhú, áfach, nuair a chinnfidh an Bord Rialtóirí amhlaidh.
3. Is é nó is í an Stiúrthóir Bainistíochta a bheidh i gceannas ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí agus glacfaidh sé nó sí páirt i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí.
4. Is é nó is í an Stiúrthóir Bainistíochta a bheidh ina cheann nó ina ceann ar fhoireann SCE. Beidh sé nó sí freagrach as foireann a eagrú, a cheapadh agus a dhífhostú i gcomhréir le rialacha foirne a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí.
5. Is é nó is í an Stiúrthóir Bainistíochta ionadaí dlíthiúil SCE agus seolfaidh sé nó sí, faoi stiúir an Bhoird Stiúrthóirí, gnó reatha SCE.
CAIBIDIL 3
CAIPITEAL
AIRTEAGAL 8
Stoc caipitiúil údaraithe
1. Is é EUR 701 935.3 milliún a bheidh sa stoc caipitiúil údaraithe. Roinnfear é i seacht milliún, naoi míle dhéag, trí chéad caoga a trí scair a mbeidh luach ainmniúil EUR 100 000 an ceann orthu agus a bhféadfar a shuibscríobh de réir na treorach ranníoca tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus a ríomhtar in Iarscríbhinn I.
2. Roinnfear an stoc caipitiúil údaraithe i scaireanna íoctha agus i scaireanna inghlaoite. EUR 80 221.2 milliún a bheidh i luach ainmniúil comhiomlán tosaigh iomlán na scaireanna íoctha. Déanfar scaireanna stoic chaipitiúil údaraithe a suibscríobhadh i dtosach a eisiúint ar par. Eiseofar scaireanna eile ar par, mura rud é go gcinnfidh an Bord Rialtóirí iad a eisiúint faoi théarmaí eile in imthosca speisialta.
3. Ní chuirfear scaireanna stoic chaipitiúil údaraithe faoi eire ná i ngeall ar shlí ar bith ná ní bheidh siad inaistrithe, cé is moite d’aistrithe ar mhaithe le coigeartuithe ar an treoir ranníoca dá bhforáiltear in Airteagal 11 a chur chun feidhme a mhéid is gá lena áirithiú go bhfreagraíonn dáileadh na scaireanna don treoir choigeartaithe.
4. Gabhann Comhaltaí SCE orthu féin leis seo, go neamh-inchúlghairthe agus gan choinníoll, a ranníoc leis an stoc caipitiúil údaraithe a sholáthar i gcomhréir lena dtreoir ranníoca in Iarscríbhinn I. Freastalóidh siad go tráthúil do na glaonna caipitiúla uile i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach sa Chonradh seo.
5. Beidh dliteanas gach Comhalta de SCE teoranta, i ngach aon chás, dá sciar den stoc caipitiúil údaraithe ar a phraghas eisiúna. Ní bheidh aon Chomhalta de SCE faoi dhliteanas, de bhíthin a chomhaltais, i leith oibleagáidí de chuid SCE. Ní dhéanfar difear d’oibleagáidí Comhaltaí de SCE ranníoc a dhéanamh leis an stoc caipitiúil údaraithe i gcomhréir leis an gConradh seo más rud é go dtiocfaidh aon Chomhalta den sórt sin chun bheith cáilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ó SCE, nó más rud é go bhfuil cúnamh airgeadais á fháil aige ó SCE.
AIRTEAGAL 9
Glaonna caipitil
1. Féadfaidh an Bord Rialtóirí caipiteal údaraithe neamhíoctha a ghlaoch tráth ar bith agus tréimhse chuí a shocrú chun go n-íocfaidh Comhaltaí SCE é.
2. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí caipiteal údaraithe neamhíoctha a ghlaoch trí chinneadh tromlaigh shimplí chun leibhéal an chaipitil íoctha a aisiriú má thagann laghdú, trí chaillteanais a iompar, ar mhéid an chaipitil íoctha faoi bhun an leibhéil a bhunaítear in Airteagal 8(2), ar leibhéal é a bhféadfaidh an Bord Rialtóirí é a leasú de réir an nóis imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10, agus tréimhse chuí a shocrú chun go n-íocfaidh Comhaltaí SCE é.
3. Déanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta caipiteal údaraithe neamhíoctha a ghlaoch go tráthúil más gá sin chun go seachnóidh SCE mainneachtain ag SCE i leith aon oibleagáide íocaíochta sceidealta nó oibleagáide íocaíochta eile atá dlite do chreidiúnaithe SCE. Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta an Bord Stiúrthóirí agus an Bord Rialtóirí ar an eolas maidir le haon ghlaoch den sórt sin. Nuair a bhraitear go bhféadfadh gannchion a bheith ann i gcistí SCE, déanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta an glaoch nó na glaonna sin ar chaipiteal a luaithe is féidir chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain cistí ag SCE chun freastal d’íocaíochtaí atá dlite do chreidiúnaithe ina n-iomláine ar a ndáta dlite. Gabhann Comhaltaí SCE orthu féin leis seo, go neamh-inchúlghairthe agus gan choinníoll, aon ghlaoch ar chaipiteal a dhéanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta orthu a íoc ar éileamh a fháil de bhun na míre seo, ar éileamh é atá le híoc laistigh de sheacht lá ón tráth a gheofar é.
4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe a mbeidh feidhm leo maidir le glaonna ar chaipiteal de bhun an Airteagail seo.
AIRTEAGAL 10
Athruithe ar an stoc caipitiúil údaraithe
1. Déanfaidh an Bord Rialtóirí uasmhéid na hiasachtóireachta ó SCE agus leordhóthanacht stoc caipitiúil údaraithe SCE a athbhreithniú go rialta agus gach cúig bliana ar a laghad. Féadfaidh sé a chinneadh an stoc caipitiúil údaraithe a athrú agus Airteagal 8 agus Iarscríbhinn II a leasú dá réir. Tiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm a luaithe a bheidh fógra tugtha ag Comhaltaí SCE don Taiscí á rá go bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme tugtha i gcrích. Déanfar na scaireanna nua a leithroinnt ar Chomhaltaí SCE i gcomhréir leis an treoir ranníoca dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Iarscríbhinn I.
2. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe a mbeidh feidhm leo maidir leis na hathruithe uile ar chaipiteal nó le haon athruithe ar chaipiteal a dhéanfar faoi mhír 1.
3. Tráth a thiocfaidh Ballstát den Aontas Eorpach chun bheith ina Chomhalta nua de SCE, déanfar stoc caipitiúil údaraithe SCE a mhéadú sa ghnáthchúrsa trí na méideanna faoi seach a bhí i réim an tráth sin a iolrú faoin gcóimheas, laistigh den treoir ranníoca choigeartaithe dá bhforáiltear in Airteagal 11, idir ualú an Chomhalta nua de SCE agus ualú na gComhaltaí láithreacha de SCE.
AIRTEAGAL 11
Treoir ranníoca
1. Faoi réir mhír 2 agus mhír 3, déanfar an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE a bhunú ar an treoir le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE ag bainc cheannais náisiúnta Chomhaltaí SCE de bhun Airteagal 29 de Phrótacal (Uimh. 4) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“Reacht CEBC”) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE.
2. Tá an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE sonraithe in Iarscríbhinn I.
3. Déanfar an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoc caipitiúil údaraithe SCE a choigeartú:
(a) nuair a thagann Ballstát den Aontas Eorpach chun bheith ina Chomhalta nua de SCE agus nuair a thagann méadú sa ghnáthchúrsa ar stoc caipitiúil údaraithe SCE, mar a shonraítear in Airteagal 10(3); nó
(b) nuair a thagann deireadh leis an gceartú sealadach dhá bhliain déag is infheidhme maidir le Comhalta de SCE agus a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 42.
4. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh nuashonruithe ionchasacha ar an treoir le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcuntas nuair a dhéantar an treoir ranníoca a choigeartú i gcomhréir le mír 3 nó nuair a thagann athrú ar an stoc caipitiúil údaraithe, mar a shonraítear in Airteagal 10(1).
5. Nuair a dhéantar an treoir ranníoca le haghaidh shuibscríobh stoic chaipitiúil údaraithe SCE a choigeartú, aistreoidh Comhaltaí SCE stoc caipitiúil údaraithe eatarthu féin a mhéid is gá chun a áirithiú go bhfreagraíonn dáileadh an stoic chaipitiúil údaraithe don treoir choigeartaithe.
6. Déanfar Iarscríbhinn I a leasú ar chinneadh ón mBord Rialtóirí maidir le haon choigeartú dá dtagraítear san Airteagal seo.
7. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 4
OIBRÍOCHTAÍ
AIRTEAGAL 12
Prionsabail
1. Más rud é go bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun cobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine agus a Bhallstát a choimirciú, féadfaidh SCE tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar do Chomhalta de SCE, faoi réir coinníollachta doichte, a bheidh cuí don ionstraim cúnaimh airgeadais a roghnófar. Féadfaidh coinníollacht den sórt sin a bheith sa réimse idir clár coigeartuithe maicreacnamaíocha agus urramú leanúnach coinníollacha incháilitheachta réamhbhunaithe.
2. Gan dochar d’Airteagal 19, féadfar tacaíocht chobhsaíochta SCE a dheonú trí na hionstraimí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 18.
3. Déanfar, amhail ar an 1 Eanáir 2013, clásail chomhghníomhaíochta a áireamh in urrúis rialtais nua uile an limistéir euro, a ngabhfaidh aibíocht níos faide ná bliain amháin leo, ar bhealach lena n-áirithítear gur toradh dlí comhionann a bheidh ag na clásail sin.
AIRTEAGAL 13
Nós imeachta chun tacaíocht chobhsaíochta a dheonú
1. Féadfaidh Comhalta de SCE iarraidh ar thacaíocht chobhsaíochta a dhíriú chuig Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí. Léireofar san iarraidh sin an ionstraim nó na hionstraimí cúnaimh airgeadais a bheidh le breithniú. Ar iarraidh den sórt sin a fháil, cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach, i gcuibhreann le BCE:
(a) measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil priacal ann do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ina iomláine nó a Bhallstát, mura bhfuil anailís curtha isteach cheana ag BCE faoi Airteagal 18;
(b) measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an fiachas poiblí inbhuanaithe. I ngach cás inar cuí agus inar féidir, beifear ag súil go ndéanfar measúnú den sórt sin in éineacht le CAI;
(c) measúnú a dhéanamh ar riachtanais airgeadais iarbhír nó ionchasacha an Chomhalta de SCE lena mbaineann.
2. Ar bhonn iarraidh an Chomhalta de SCE agus an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh tacaíocht chobhsaíochta a dheonú, i bprionsabal, don Chomhalta de SCE lena mbaineann, i bhfoirm saoráide cúnaimh airgeadais.
3. Má ghlactar cinneadh de bhun mhír 2, cuirfidh an Bord Rialtóirí de chúram ar an gCoimisiún Eorpach - i gcuibhreann le BCE agus, i ngach cás inar féidir, in éineacht le CAI - meabhrán tuisceana (“MT”) ina ndéanfar mionsonrú ar an gcoinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais a chaibidil leis an gComhalta de SCE lena mbaineann. Beidh inneachar an MT ag freagairt do dhéine na laigí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus don ionstraim cúnaimh airgeadais atá roghnaithe. An tráth céanna, ullmhóidh Stiúrthóir Bainistíochta SCE togra le haghaidh comhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais, lena n-áireofar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha, agus an rogha ionstraimí, a bheidh le glacadh ag an mBord Rialtóirí.
Beidh an MT i gcomhréir go hiomlán le bearta comhordaithe an bheartais eacnamaíoch dá bhforáiltear in CFAE, go háirithe le haon ghníomh de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear aon tuairim, aon fholáireamh, aon mholadh nó aon chinneadh a dhíreofar chuig an gComhalta de SCE lena mbaineann.
4. Síneoidh an Coimisiún Eorpach an MT thar ceann SCE, faoi réir na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a chomhlíonadh roimh ré agus faoi réir a fhormheasa roimh ré ag an mBord Rialtóirí.
5. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí an comhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais, ina dtabharfar mionsonraí i dtaobh na ngnéithe airgeadais a bhaineann leis an tacaíocht chobhsaíochta atá le deonú agus, i gcás inarb infheidhme, eisíocaíocht an chéad tráinse den chúnamh, a fhormheas.
6. Bunóidh SCE córas foláirimh chuí chun a áirithiú go bhfaighidh sé go tráthúil aon aisíocaíochtaí atá dlite den Chomhalta de SCE faoin tacaíocht chobhsaíochta.
7. Cuirfear de chúram ar an gCoimisiún Eorpach - i gcuibhreann le BCE agus, i ngach cás inar féidir, in éineacht le CAI - faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na coinníollachta a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid cúnaimh airgeadais.
AIRTEAGAL 14
Cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE
1. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais réamhchúraim a dheonú i bhfoirm líne creidmheasa faoi choinníoll réamhchúraim nó i bhfoirm líne creidmheasa faoi choinníollacha breisithe i gcomhréir le hAirteagal 12(1).
2. Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil le cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).
3. Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhaineann le cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais réamhchúraim a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.
4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun cúnamh airgeadais réamhchúraim SCE a chur chun feidhme.
5. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh an amhlaidh ba cheart an líne chreidmheasa a choimeád.
6. Tar éis don Chomhalta de SCE cistí a tharraingt den chéad uair (trí iasacht nó trí cheannach ar an mbunmhargadh), déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach, i gcuibhreann le BCE, i dtaobh an amhlaidh a leanann an líne chreidmheasa de bheith leordhóthanach nó i dtaobh an amhlaidh atá gá le cineál eile cúnaimh airgeadais.
AIRTEAGAL 15
Cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais de chuid Comhalta de SCE
1. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais a dheonú trí iasachtaí do Chomhalta de SCE go sonrach chun institiúidí airgeadais an Chomhalta sin de SCE a athchaipitliú.
2. Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil le cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais Comhalta de SCE a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).
3. Gan dochar d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, déanfar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhaineann le cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais Comhalta de SCE a shonrú i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.
4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun cúnamh airgeadais le haghaidh athchaipitliú institiúidí airgeadais Comhalta de SCE a chur chun feidhme.
5. I gcás inar infheidhme, déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht na dtráinsí den chúnamh airgeadais i ndiaidh an chéad tráinse.
AIRTEAGAL 16
Iasachtaí SCE
1. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh cúnamh airgeadais a dheonú i bhfoirm iasachta do Chomhalta de SCE, i gcomhréir le hAirteagal 12.
2. Beidh an choinníollacht a bheidh ag gabháil le hiasachtaí SCE ar áireamh i gclár coigeartuithe maicreacnamaíocha a bheidh mionsonraithe san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).
3. Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha a bhaineann le gach iasacht SCE i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.
4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun iasachtaí SCE a chur chun feidhme.
5. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht na dtráinsí den chúnamh airgeadais i ndiaidh an chéad tráinse.
AIRTEAGAL 17
Saoráid tacaíochta bunmhargaidh
1. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh socrú a dhéanamh bannaí de chuid Comhalta de SCE a cheannach ar an mbunmhargadh, i gcomhréir le hAirteagal 12 agus é mar chuspóir leis costas-éifeachtúlacht an chúnaimh airgeadais a uasmhéadú.
2. Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid tacaíochta bunmhargaidh a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).
3. Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha faoina ndéanfar na bannaí a cheannach sa chomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.
4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun an tsaoráid tacaíochta bunmhargaidh a chur chun feidhme.
5. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis tuarascáil a fháil ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 13(7), i dtaobh eisíocaíocht an chúnaimh airgeadais le Ballstát is tairbhí trí oibríochtaí ar an mbunmhargadh.
AIRTEAGAL 18
Saoráid tacaíochta margaidh thánaistigh
1. Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh socrú a dhéanamh le haghaidh oibríochtaí ar an margadh tánaisteach maidir le bannaí Comhalta de SCE i gcomhréir le hAirteagal 12(1).
2. Maidir le cinntí faoi idirghabhálacha ar an margadh tánaisteach chun aghaidh a thabhairt ar aicídiú, déanfar iad ar bhonn anailíse ó BCE lena n-aithnítear gurb ann do dhálaí eisceachtúla sa mhargadh airgeadais agus do phriacail do chobhsaíocht airgeadais.
3. Déanfar an choinníollacht a bheidh ag gabháil leis an tsaoráid tacaíochta margaidh thánaistigh a mhionsonrú san MT, i gcomhréir le hAirteagal 13(3).
4. Sonrófar na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha faoina bhfuil na hoibríochtaí ar an margadh tánaisteach le déanamh i gcomhaontú um shaoráid cúnaimh airgeadais a bheidh le síniú ag an Stiúrthóir Bainistíochta.
5. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí na treoirlínte mionsonraithe maidir leis na módúlachtaí chun an tsaoráid tacaíochta margaidh thánaistigh a chur chun feidhme.
6. Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh, de thoil a chéile, ar thogra a fháil ón Stiúrthóir Bainistíochta, maidir le hoibríochtaí a thionscnamh ar an margadh tánaisteach.
AIRTEAGAL 19
Athbhreithniú ar liosta na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais
Féadfaidh an Bord Rialtóirí athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na n-ionstraimí cúnaimh airgeadais dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 18 agus cinneadh a dhéanamh athruithe a dhéanamh ar an liosta sin.
AIRTEAGAL 20
Beartas praghsála
1. Le linn dó tacaíocht chobhsaíochta a dheonú, beidh sé mar chuspóir ag SCE a chostais maoinithe agus oibriúcháin a chumhdach go hiomlán agus cuirfidh sé corrlach cuí san áireamh.
2. I gcás gach ionstraime cúnaimh airgeadais, déanfar an phraghsáil a mhionsonrú i dtreoirlíne praghsála, ar treoirlíne í a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí.
3. Féadfaidh an Bord Rialtóirí an beartas praghsála a athbhreithniú.
AIRTEAGAL 21
Oibríochtaí iasachtaíochta
1. Cumhachtófar do SCE iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil ó bhainc, ó institiúidí airgeadais nó ó dhaoine nó ó institiúidí eile ar mhaithe lena chuspóir a chomhlíonadh.
2. Cinnfidh an Stiúrthóir Bainistíochta na módúlachtaí maidir leis na hoibríochtaí iasachtaíochta i gcomhréir le treoirlínte mionsonraithe atá le glacadh ag an mBord Stiúrthóirí.
3. Bainfidh SCE leas as uirlisí cuí bainistíochta priacail agus déanfaidh an Bord Stiúrthóirí athbhreithniú ar na huirlisí sin go rialta.
CAIBIDIL 5
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS
AIRTEAGAL 22
Beartas infheistíochta
1. Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta beartas stuama infheistíochta chun feidhme le haghaidh SCE chun an chreidmheasacht is airde a áirithiú do SCE, i gcomhréir le treoirlínte atá le glacadh, agus le hathbhreithniú go rialta, ag an mBord Stiúrthóirí. Beidh SCE i dteideal sciar den toradh ar a phunann infheistíochta a úsáid chun a chostais oibriúcháin agus riaracháin a chumhdach.
2. Comhlíonfaidh oibríochtaí SCE prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus priacail.
AIRTEAGAL 23
Beartas díbhinne
1. Féadfaidh an Bord Stiúrthóirí a chinneadh, trí thromlach simplí, díbhinn a dháileadh ar Chomhaltaí SCE i gcás inar mó méid an chaipitil íoctha agus an chúlchiste ná an leibhéal is gá chun go ndéanfaidh SCE acmhainn iasachtóireachta a choimeád agus i gcás nach bhfuil gá leis na fáltais ón infheistíocht chun gannchion íocaíochta le creidiúnaithe a sheachaint. Déantar díbhinní a dháileadh pro rata de réir na ranníocaí leis an gcaipiteal íoctha, agus cuirfear an luathíocaíocht is féidir a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 41(3), san áireamh.
2. Fad nach bhfuil cúnamh airgeadais tugtha ag SCE d’aon chomhalta dá chuid, tabharfar na fáltais ó infheistiú chaipiteal íoctha SCE ar ais do Chomhaltaí SCE de réir a ranníocaí faoi seach leis an gcaipiteal íoctha, tar éis asbhaintí i leith costas oibriúcháin, ar choinníoll go bhfuil an acmhainn iarbhír iasachtóireachta sprice ar fáil go hiomlán.
3. Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistíochta an beartas díbhinne le haghaidh SCE chun feidhme i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí.
AIRTEAGAL 24
Cúlchiste agus cistí eile
1. Bunóidh an Bord Rialtóirí cúlchiste agus, i gcás gur cuí, cistí eile.
2. Gan dochar d’Airteagal 23, cuirfear i leataobh i gcúlchiste an glanioncam a chruthaigh oibríochtaí SCE agus na fáltais ó na smachtbhannaí airgeadais a fuarthas ó Chomhaltaí SCE faoin nós imeachta faireachais iltaobhaigh, faoin nós imeachta um easnamh iomarcach agus faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bunaíodh faoi CFAE.
3. Déanfar acmhainní an chúlchiste a infheistiú i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Bord Stiúrthóirí.
4. Glacfaidh an Bord Stiúrthóirí cibé rialacha is gá chun cistí eile a bhunú, a riaradh agus a úsáid.
AIRTEAGAL 25
Caillteanais a chumhdach
1. Maidir le caillteanais a eascraíonn le linn oibríochtaí SCE, déanfar iad a mhuirearú:
(a) ar an gcéad dul síos, ar an gcúlchiste;
(b) ar an dara dul síos, ar an gcaipiteal íoctha; agus
(c) ar deireadh, ar mhéid cuí den chaipiteal údaraithe neamhíoctha, a ghlaofar i gcomhréir le hAirteagal 9(3).
2. Má mhainníonn Comhalta de SCE an íocaíocht faoi ghlaoch ar chaipiteal de bhun Airteagal 9(2) nó (3) a dhéanamh, cuirfear glaoch athmheasta méadaithe ar chaipiteal chuig Comhaltaí uile SCE chun a áirithiú go bhfaighidh SCE méid iomlán an chaipitil íoctha is gá. Déanfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh ar ghníomhaíocht chuí chun a áirithiú go nglanfaidh an Comhalta de SCE lena mbaineann a fhiacha le SCE laistigh de thréimhse réasúnta ama. Beidh an Bord Rialtóirí i dteideal a cheangal go n-íocfar ús mainneachtana ar an méid atá thar téarma.
3. A luaithe a bheidh a fhiacha le SCE dá dtagraítear i mír 2 glanta ag Comhalta de SCE, aisíocfar an farasbarr caipitil le Comhaltaí eile SCE i gcomhréir le rialacha a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí.
AIRTEAGAL 26
Buiséad
Déanfaidh an Bord Stiúrthóirí buiséad SCE a fhormheas gach bliain.
AIRTEAGAL 27
Cuntais bhliantúla
1. Is é an Bord Rialtóirí a dhéanfaidh cuntais bhliantúla SCE a fhormheas.
2. Foilseoidh SCE tuarascáil bhliantúil ina mbeidh ráiteas iniúchta ar a chuntais agus cuirfidh sé timpeall chuig Comhaltaí SCE ráiteas achomair ráithiúil ar a staid airgeadais agus ráiteas sochair agus dochair ina dtaispeánfar na torthaí a bhí ar a chuid oibríochtaí.
AIRTEAGAL 28
Iniúchóireacht inmheánach
Bunófar feidhm iniúchóireachta inmheánaí i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.
AIRTEAGAL 29
Iniúchóireacht sheachtrach
Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna bhformheas ag an mBord Rialtóirí agus a bheidh freagrach as na ráitis airgeadais bhliantúla a dheimhniú, cuntais SCE a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí seachtracha leabhair agus cuntais uile SCE a scrúdú agus faisnéis iomlán a fháil maidir lena hidirbhearta.
AIRTEAGAL 30
Bord Iniúchóirí
1. Beidh cúig chomhalta arna gceapadh ag an mBord Rialtóirí, mar gheall ar a n-inniúlacht i gcúrsaí iniúchóireachta agus airgeadais, ar an mBord Iniúchóirí agus beidh dhá chomhalta ó institiúidí uachtaracha iniúchóireachta Chomhaltaí SCE - agus uainíocht eatarthu - agus comhalta amháin ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina measc.
2. Beidh comhaltaí an Bhoird Iniúchóirí neamhspleách. Ní dhéanfaidh siad teagaisc a iarraidh ar chomhlachtaí rialaithe SCE, ar Chomhaltaí SCE ná ar aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile, ná a ghlacadh uathu.
3. Déanfaidh an Bord Iniúchóirí iniúchtaí neamhspleácha a tharraingt suas. Déanfaidh sé cigireacht ar chuntais SCE agus fíoróidh sé go bhfuil na cuntais oibriúcháin agus an clár comhardaithe in ord. Beidh rochtain iomlán aige ar aon doiciméad de chuid SCE is gá chun a chúraimí a chur i gcrích.
4. Féadfaidh an Bord Iniúchóirí, tráth ar bith, an Bord Stiúrthóirí a chur ar an eolas faoina fhionnachtana. Déanfaidh sé tuarascáil a tharraingt suas, ar bhonn bliantúil, ar tuarascáil í a chuirfear faoi bhráid an Bhoird Rialtóirí.
5. Cuirfidh an Bord Rialtóirí an tuarascáil bhliantúil ar fáil do na parlaimintí náisiúnta agus d’institiúidí uachtaracha iniúchóireachta Chomhaltaí SCE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.
6. Déanfar aon ní a bhaineann leis an Airteagal seo a mhionsonrú i bhfodhlíthe SCE.
CAIBIDIL 6
FORÁLACHA GINEARÁLTA
AIRTEAGAL 31
Suíomh
1. Is i Lucsamburg a bheidh suíomh agus príomhoifig SCE.
2. Féadfaidh SCE oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil.
AIRTEAGAL 32
Stádas dlíthiúil, pribhléidí agus díolúintí
1. Chun a chumasú do SCE a chuspóir a chomhall, déanfar an stádas dlíthiúil agus na pribhléidí agus díolúintí a leagtar amach san Airteagal seo a thabhairt do SCE i gcríoch gach Comhalta de SCE. Déanfaidh SCE gach iarracht aitheantas a fháil dá stádas dlíthiúil agus dá phribhléidí agus díolúintí i gcríocha eile ina gcomhlíonann sé feidhmeanna nó ina bhfuil sócmhainní aige.
2. Beidh lánphearsantacht dhlítheanach ag SCE. Beidh láninniúlacht dhlítheanach aige chun:
(a) maoin dhochorraithe agus maoin shochorraithe a fháil agus a dhiúscairt;
(b) conradh a dhéanamh;
(c) a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla; agus
(d) dul i gcomhaontú ceanncheathrún agus/nó i bprótacail de réir mar is gá lena áirithiú go dtugtar aitheantas dá stádas dlíthiúil agus dá phribhléidí agus díolúintí, agus go bhforfheidhmítear na nithe sin.
3. Beidh ag SCE, a mhaoin, a chistiú agus a shócmhainní, cibé áit a mbeidh siad suite agus cibé duine ag a mbeidh siad, díolúine ó gach sórt próisis bhreithiúnaigh ach amháin a mhéid a bheidh SCE tar éis a dhíolúine a tharscaoileadh go sainráite chun críocha aon imeachtaí nó faoi théarmaí aon chonartha, lena n-áirítear doiciméid na n-ionstraimí maoinithe.
4. Beidh díolúine ó chuardach, ó fhoréileamh, ó choigistiú, ó dhíshealbhú nó aon sórt eile urghabhála, gabhála nó foriaimh trí ghníomhú feidhmiúcháin, gníomhú breithiúnach, gníomhú riaracháin nó gníomhú reachtach ag maoin, cistiú agus sócmhainní SCE, cibé áit a mbeidh siad suite agus cibé duine ag a mbeidh siad.
5. Beidh cartlanna SCE agus na doiciméid uile ar le SCE iad nó atá ina sheilbh aige dosháraithe.
6. Beidh áitreabh SCE dosháraithe.
7. Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla SCE an chóir chéanna ó gach Comhalta de SCE agus ó gach stát a bhfuil aitheantas tugtha aige do stádas dlíthiúil agus do phribhléidí agus díolúintí SCE agus a fhaigheann cumarsáidí oifigiúla Comhalta de SCE.
8. A mhéid is gá sin chun na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chonradh seo a dhéanamh, beidh maoin, cistiú agus sócmhainní uile SCE saor ó shrianta, ó rialacháin, ó rialuithe agus ó mhortchairde de chineál ar bith.
9. Beidh SCE díolmhaithe ó aon cheanglas údarú nó ceadúnas a fháil mar institiúid chreidmheasa, mar sholáthróir seirbhísí infheistíochta nó mar eintiteas údaraithe, ceadúnaithe nó rialaithe eile faoi dhlíthe gach ceann de Chomhaltaí SCE.
AIRTEAGAL 33
Foireann SCE
Leagfaidh an Bord Stiúrthóirí síos na coinníollacha fostaíochta do Stiúrthóir Bainistíochta agus d’fhoireann eile SCE.
AIRTEAGAL 34
Rúndacht ghairmiúil
Ní dhéanfaidh Comhaltaí ná iarChomhaltaí an Bhoird Rialtóirí ná an Bhoird Stiúrthóirí ná aon daoine eile a oibríonn nó a d’oibrigh do SCE nó i dtaca le SCE faisnéis atá faoi réir rúndachta gairmiúla a nochtadh. Beidh de cheangal orthu, fiú amháin tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.
AIRTEAGAL 35
Díolúintí daoine
1. Ar mhaithe le leas SCE, beidh Cathaoirleach an Bhoird Rialtóirí, na Rialtóirí, na Rialtóirí malartacha, na Stiúrthóirí, na Stiúrthóirí malartacha, mar aon leis an Stiúrthóir Bainistíochta agus na daoine eile den fhoireann díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad ina gcáil oifigiúil agus beidh dosháraitheacht acu maidir lena bpáipéir agus lena ndoiciméid oifigiúla.
2. Féadfaidh an Bord Rialtóirí aon cheann de na díolúintí a thugtar faoin Airteagal seo i leith Chathaoirleach an Bhoird Rialtóirí, Rialtóra, Rialtóra mhalartaigh, Stiúrthóra, Stiúrthóra mhalartaigh nó an Stiúrthóra Bainistíochta a tharscaoileadh a mhéid, agus ar cibé coinníollacha, a chinnfidh sé.
3. Féadfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta aon díolúine den sórt sin a tharscaoileadh i leith aon duine d’fhoireann SCE, seachas é féin nó í féin.
4. Déanfaidh gach Comhalta de SCE an ghníomhaíocht is gá go pras chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo faoi théarmaí a dhlí féin agus cuirfidh sé SCE ar an eolas maidir leis an méid sin dá réir sin.
AIRTEAGAL 36
Díolúine ó chánachas
1. Faoi chuimsiú raon feidhme a ghníomhaíochtaí oifigiúla, beidh SCE, a shócmhainní, a ioncam, a mhaoin agus a oibríochtaí agus a idirbhearta arna n-údarú leis an gConradh seo díolmhaithe ó gach cáin dhíreach.
2. Déanfaidh Comhaltaí SCE, i ngach cás inar féidir sin, na bearta is cuí chun méid na gcánacha neamhdhíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann SCE, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin shubstaintiúla a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas.
3. Ní dheonófar díolúine ar bith i leith cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí le haghaidh seirbhísí fóntais phoiblí.
4. Beidh earraí a allmhaireoidh SCE agus is gá chun a ghníomhaíochtaí oifigiúla a fheidhmiú díolmhaithe ó na dleachtanna agus na cánacha uile ar allmhairí agus ó na toirmisc agus na srianta uile ar allmhairí.
5. Beidh foireann SCE inchurtha faoi cháin inmheánach, chun tairbhe do SCE, ar thuarastail agus ar dhíolaíochtaí a íocfaidh SCE, faoi réir rialacha a ghlacfaidh an Bord Rialtóirí. Ón dáta a chuirfear an cháin sin i bhfeidhm, beidh tuarastail agus díolaíochtaí den sórt sin díolmhaithe ó cháin ioncaim náisiúnta.
6. Ní thoibheofar cánachas d’aon saghas ar aon oibleagáid ná urrús a eiseoidh SCE, lena n- áirítear aon ús nó díbhinn orthu, cibé duine a shealbhóidh iad:
(a) lena ndéantar idirdhealú i gcoinne na hoibleagáide nó an urrúis sin go heisiatach mar gheall ar a bhunadh; nó
(b) ar cánachas é arb é an t-aon bhonn dlínsiúil atá leis an áit nó an t-airgeadra ina n-eiseofar é nó ina mbeidh sé iníoctha nó ina n-íocfar é, nó suíomh aon oifige nó áite gnó atá á cothabháil ag SCE.
AIRTEAGAL 37
Léiriú agus réiteach díospóide
1. Aon cheist a eascróidh idir aon Chomhalta de SCE agus SCE, nó idir Comhaltaí de SCE, maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm fhorálacha an Chonartha seo agus fhodhlíthe SCE, cuirfear faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí í le cinneadh a dhéanamh uirthi.
2. Déanfaidh an Bord Rialtóirí cinneadh faoi aon díospóid a eascróidh idir Comhalta de SCE agus SCE, nó idir Comhaltaí de SCE, i dtaobh léiriú agus chur i bhfeidhm an Chonartha seo, lena n-áirítear aon díospóid faoi chomhoiriúnacht na gcinntí a ghlac SCE leis an gConradh seo. Déanfar vótaí chomhalta nó chomhaltaí Bhord Rialtóirí an Chomhalta nó na gComhaltaí de SCE lena mbaineann a fhionraí nuair a bheidh vótáil ar siúl ag an mBord Rialtóirí ar an gcinneadh sin agus déanfar an tairseach vótála is gá chun an cinneadh a ghlacadh a athríomh dá réir.
3. Má dhéanann Comhalta de SCE an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 a chonspóid, cuirfear an díospóid faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar na páirtithe sa nós imeachta, agus déanfaidh na páirtithe sin na bearta is gá chun an breithiúnas a chomhlíonadh laistigh de thréimhse a chinnfidh an Chúirt sin.
AIRTEAGAL 38
Comhar idirnáisiúnta
D’fhonn a chuspóirí a chur ar aghaidh, be …
AI explanation based on the official legal text. Indicative, not a substitute for legal advice.